Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

An bhfaighidh mé méadar nua nuair a bheidh mo ghineadóir ar Scála Beag suiteáilte?

I gcás go mbeidh gá le méadar nua leis an méid a easpórtáiltear a thomhas, sceidealófar an obair leis an méadar nua a shuiteáil faoin gClár um Méadrú Cliste atá ar bun faoi láthair.

Tá an Clár um Méadrú Cliste ag obair faoi láthair le gnáth-mhéadair aon phas 24 ur (MCC01) a athsholáthar. Faoi na rialacha reatha atá fógartha ag an CRU, má tá tú incháilithe méadar cliste a fháil le linn na céime seo den rolladh amach, beidh ort méadar cliste a bheith agat le híocaíocht a fháil as an méid fuinnimh a dhéanann tú a easpórtáil. I gcás go bhfuil custaiméir incháilithe do mhéadar cliste, déanfaidh ESB Networks a dhícheall méadar cliste a shuiteáil tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis dó foirm iarratais bhailí maidir le ghiniúint ar Scála Beag (NC8) a phróiseáil. Déanfaidh ESB Networks teagmháil leat roimh shuiteáil do mhéadair chliste. Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gclár um méadrú cliste, féach  an tUasghrádú chuig Méadair Chliste

Mura bhfuil tú incháilithe méadar cliste a fháil le linn na céime seo den rolladh amach, tá sé leagtha amach ag an CRU go n-íocfar thú bunaithe ar ríomh measta easpórtála go dtí go mbeidh méadar cliste oiriúnach ar fáil le haghaidh an chineáil naisc atá agat agus é suiteáilte mar chuid de rolladh amach céimnithe an Chláir um Méadú Cliste. Fógróidh an CRU sonraí faoin ríomh sin in am trátha.

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cén chaoi a bhfaighidh custaiméirí íocaíocht as leictreachas easpórtáilte, cathain ba cheart dóibh a bheith ag súil leis sin, agus cén sórt méadair a chaithfidh tú a bheith agat, féach láithreán gréasáin an CRU ag Luach saothair d’fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite as leictreachas easpórtáilte

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí