Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English
Technicians doing underground line alteration

Athrú ar cháblaí seirbhíse de chuid ESB Networks 

Má tá obair thógála nó athruithe eile ar siúl ar d’áitreabh, b’fhéidir go mbeidh ort iarraidh orainn do sheirbhís leictreachais a athshuí. Cuireann ESB Networks athrú seirbhíse ar fáil chun cabhrú leis seo.

Baineann athrú seirbhíse le hathrú ar an tseirbhís a thugann leictreachas chuig áitreabh. Má tá do sheirbhís le hathshuí laistigh de 50 méadar ón bpríomhnasc ESB Networks, is gnáthathrú seirbhíse é seo. Tá táille i gceist leis an tseirbhís seo; féach Ráiteas Táillí ESB Networks.

Más mó ná 50 méadar an t-athshuí, is athrú neamhghnách seirbhíse é seo agus beidh ort glaoch ar ár bhfoireann tacaíochta do Chustaiméirí ar 1800 372 757 le haghaidh tuilleadh eolais.

Cineálacha athruithe seirbhíse 

O/H
Cábla lastuas

Baineann athrú seirbhíse lastuas leis an tseirbhís a théann ó chuaille go dtí an t-áitreabh, agus í ceangailte den simléar nó den bhinn go minic.

U/G
Cábla faoi thalamh

Baineann athrú seirbhíse faoi thalamh leis an tseirbhís a théann faoin talamh ó chuaille nó ó mhionbhosca leictreachais go dtí an t-áitreabh.

Sula ndéanann tú iarratas

Deimhniú Safe Electric

 

Más gá do mhéadar leictreachais a athshuí mar gheall ar an athrú seirbhíse, ní mór do do chonraitheoir leictreachais deimhniú Safe Electric a bheith curtha isteach aige chun go ndéanfar d’iarratas a sceidealú. Ina theannta sin, ní mór duit ESB Networks a chur ar an eolas faoi athshuí an mhéadair tráth an iarratais ar athrú seirbhíse.

Duchtáil

 

Beidh duchtáil ag teastáil má tá do sheirbhís leictreachais le cur faoi thalamh. Tá custaiméirí freagrach as an duchtáil go léir chun tacú leis an iarratas seo. Ní mór do do chonraitheoir an ducht a shuiteáil, agus ní mór duit ESB Networks a chur ar an eolas a luaithe a bheidh sé réidh le haghaidh iniúchadh. Is féidir tuilleadh sonraí faoi shonraíochtaí duchtála a fháil sa doiciméad PDF seo

Eolas áisiúil  

Conas iarratas a dhéanamh

Le hiarratas a dhéanamh ar athrú seirbhíse: 



Bíodh d’ Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) faoi láimh agat.  


Má tá méadar ESB Networks le hathshuí freisin, ní mór é sin a chur in iúl do ESB Networks tráth an iarratais ar athrú seirbhíse.  


Má tá an cábla seirbhíse le cur faoin talamh, beidh ar do chonraitheoir ducht faoi thalamh a shuiteáil le go rithfidh na cáblaí tríd. Beidh ort ESB Networks a chur ar an eolas nuair a bheidh an ducht réidh.  


Beidh ar do chonraitheoir leictreachais cibé athruithe is gá a dhéanamh ar an sreangú inmheánach chun an méadar a athshuí chuig an suíomh nua. Ní mór don chonraitheoir deimhniú críochnaithe a chur ar aghaidh ar an obair sin a chríochnú.  


Chomh luath agus a bheidh an íocaíocht, deimhniú sreangaithe agus fógra faoin ducht (más infheidhme) faighte againn, cuirfimid an t-athrú seirbhíse i gcrích laistigh de 5 nó 6 seachtaine. 

Táillí ar athrú seirbhíse

Gearrtar táille ar athrú seirbhíse, rud a chaithfear a íoc roimh ré. 

 

  1. Gnáthathruithe seirbhíse - Clúdaíonn na táillí do ghnáthathruithe nasc aonair faoi thalamh/lastuas leis an méadar. D’fhéadfadh táille bhreise a bheith i gceist dá mbeadh gá le hobair bhreise. Luafaidh d’oifig áitiúil de chuid ESB Networks aon chostais bhreise leat agus eiseofar sonrasc ar leith i dtaca leo. 

  1. Athruithe neamhghnácha - Luafaidh d’oifig áitiúil de chuid ESB Networks na costais leat. 

  1. Athruithe ar áitribh thráchtála - Luafaidh d’oifig áitiúil de chuid ESB Networks na costais leat. 

Déan íocaíocht

Chomh luath agus a bheidh do mheastachán agat, beidh tú in ann íocaíocht a dhéanamh ar an mbealach is fearr a fheileann duit. Agus tú ag déanamh íocaíochta, bíodh an meastachán agus an uimhir thagartha in aice láimhe. 

 

  • Íoc tríd an bpost: Seol seic, dréacht bainc nó ordú poist chuig: 

     

ESB Networks CGA 

Rannóg na gCuntas Infhála 

Bóthar an tSáirséalaigh 

Wilton 

Corcaigh 

Éire 

Uimh. Cheadúnais FCK 724 

 

SAORPHOST 

 

Féach an leathanach sonrasc ó ESB Networks a íoc le tuilleadh eolais a fháil. 

Ceisteanna coitianta

An bhfuil an tseirbhís seo de dhíth orm?

Níl an tseirbhís seo de dhíth ort má tá: 

 

  • An leictreachas le nascadh den chéad uair
  • Acmhainn do sheirbhíse le hathrú
  • Cuaille leictreachais ar do mhaoin le bogadh 

 

Chun na seirbhísí seo a fháil, ba cheart duit clárú le haghaidh Cuntas ar Líne ESB Networks agus an tseirbhís atá uait a iarraidh ar líne.

Cá fhad a thógfaidh sé an t-athrú seirbhíse a chur i gcrích?

Chomh luath agus a bheidh an méid seo a leanas faighte againn:

 

  • An íocaíocht
  • An deimhniú Safe Electric
  • Agus fógra faoin ducht (más infheidhme)

 

Cuirfimid gnáthathrú seirbhíse i gcrích laistigh de 5 nó 6 seachtaine. Tógfaidh athrú seirbhíse neamhghnách níos faide. Téigh i dteagmháil leis an bhfoireann cúraim do chustaiméirí ar 1800 372 757 le tuilleadh eolais a fháil faoi cá fhad a thógann athruithe seirbhíse neamhghnácha.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí