Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Rochtain a fháil ar na sonraí ó do mhéadar cliste  

Is féidir leat clárú le haghaidh Cuntas ar Líne ESB Networks le sonraí maidir le d'úsáid leictreachais a fheiceáil.

A luaithe a bheidh cuntas cruthaithe agat, beidh fáil dhíreach agat ar do shonraí úsáide fuinnimh. Tugann sé sin léargas duit ar an gcaoi a bhfuil tú ag úsáid fuinnimh i d'áit chónaithe ionas gur féidir leat cinntí níos feasaí a dhéanamh faoi d'ídiú.

Cuireann an fhaisnéis ar do chumas dul leis an taraif chliste atá ceart duit. Is féidir leat na sonraí úsáide a uaslódáil chuig suíomhanna gréasáin comparáide praghsanna, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca comhairle chruinn a fháil maidir leis an taraif is fearr a d'fheilfeadh duit.

Breathnaigh ar ár bhfíseán

Breathnaigh ar shonraí d'úsáid leictreachais 

  • Is féidir breathnú ar chairt ar a dtugtar d’úsáid leictreachais i gcaitheamh seachtaine. Is féidir aistriú idir radharc laethúil, míosúil nó bliantúil. Leis sin a dhéanamh, níl le déanamh ach cliceáil ar roghchlár anuas atá os cionn na cairte.
  • Is féidir miondealú a fháil ar an leictreachas a úsáideann tú sa lá, san oíche agus sna buaicthréimhsí. Taispeánfar na sonraí ar na cairteacha i gcileavatanna (kW) nó i gcileavatuaireanta (kWh). Úsáidtear cileavatanna leis an gcumhacht a úsáideann tú a thomhas. Úsáidtear cileavatuaireanta leis an bhfuinneamh a úsáideann tú a thomhas, a thaispeántar ar bhille do sholáthraí leictreachais.
  • Tugtar na sonraí seo chun dáta go rialta. Seans go mbeidh 36–48 uair an chloig ann sula mbíonn na sonraí le feiceáil ar do chuntas ar líne. Tú féin agus ní haon duine eile a bheidh in ann do chuid sonraí ón méadar cliste a fheiceáil.
  • Más mian leat tuilleadh faisnéis mhionsonraithe a fheiceáil, is féidir leat na sonraí a íoslódáil mar chomhad HDF (comhad comhchuibhithe in-íoslódáilte), ina mbíonn mionsonraí maidir le suas le dhá bhliain d’úsáid leictreachais. Is cuma má d’athraigh tú do sholáthraí sa tréimhse sin.

 

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le sonraí úsáide ó mhéadair chliste, téigh chuig leathanach na gceisteanna coitianta anseo

Téigh chuig leathanach na gceisteanna coitianta ar na sonraí ó do mhéadar cliste.

Cruthaigh cuntas le ESB Networks

Tá buntáistí áisiúla ann má dhéanann tú cuntas le ESB Networks, na cinn seo ina measc:

  • Fáil ar na sonraí ón méadar cliste i d’áitreabh. Fáil ar léamha méadair dá n-áitreabh i gcás custaiméirí nach bhfuil méadar cliste acu.
  • Stádas d’áitribh ó thaobh gearradh cumhachta de a sheiceáil. D’uimhir thagartha mhéadarphointe (MPRN) a aimsiú.
  • Léamh méadair a chur isteach.
  • Iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí éagsúla, mar shampla measúnú ar bhearradh crann agus measúnú ar fhadhbanna voltais.
  • Clárú leis an gclár ‘An am maith é seo?’ le smacht a choinneáil ar d’úsáid leictreachais le linn buaicuaireanta.
  • Íocaíocht a dhéanamh as aon sonraisc ó ESB Networks.
Cruthaigh mo chuntas

Seicliosta agus cuntas á chruthú 

Le cuntas ar líne a chruthú le ESB Networks, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:

  • D’Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) – gheobhaidh tú seo ar do bhille leictreachais.
  • Cliceáil anseo le tuilleadh MPRN eolais a fháil. Mura bhfuil do MPRN ar eolas agat, is féidir leas a bhaint as an tseirbhís ‘Aimsigh mo MPRN’ atá ar fáil ar do chuntas ar líne ESB Networks.
  • Uimhir fóin póca – iarrfaimid ort próiseas fíordheimhnithe déshraithe a chur i gcrích le do chuid sonraí a chosaint.
  • Is tábhachtach an t-ainm céanna agus an uimhir fóin póca chéanna a thabhairt dúinne agus a thug tú do do sholáthraí leictreachais.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí