Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Beartas léite méadar 

ESB Networks agus léamh méadar

Tá ESB Networks freagrach as na méadair leictreachais ar fad i ngach teach agus gnó in Éirinn. Léimid gach cineál méadair, amhail méadair mheicniúla, leictreonacha agus íoc-mar-a-úsáidtear.

Ceisteanna coitianta  

Cén tábhacht a bhaineann le léamha méadair?
Fágann léamha rialta méadair go mbíonn tú in ann súil a choinneáil ar an bhfuinneamh a úsáideann tú.
Cá mhinice a léitear méadair?
Tiocfaidh léitheoir méadair amach chugat suas le ceithre uair sa bhliain leis an méadar a léamh. Déantar meastachán beartaithe dhá uair sa bhliain.
Cén uair ba chóir dom léamh a ghlacadh?

Mura mbíonn tú sa bhaile nuair a thiocfaidh an Léitheoir Méadair, fágfar cárta le hiarraidh ort léamh méadair a chur isteach.

Más rud é go bhfuil tú ag bogadh isteach i bhfoirgneamh, nó amach as, beidh ort léamh méadair a chur isteach ag an am sin le go mbeidh do sholáthraí leictreachais in ann an bille deiridh a eisiúint.

Cad a tharlódh dá gcaillfinn an eochair do chaibinéad an mhéadair?
Dá gcaillfeá an eochair do chaibinéad an mhéadair amuigh, bheimis sásta ceann eile a chur chugat. Cuir glao ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555.
Technician showing his company card at the frontstep of a customer

Léamh méadair de réir na ceathrún uaire  

I gcás tomhaltóirí móra tráchtála agus tionsclaíocha, úsáidtear an Méadrú de réir na Ceathrún Uaire (QH). Déanann na méadair seo taifead ar an ídiú leictreachais do gach tréimhse 15 nóiméad i gcaitheamh an lae.

Níl an t-eolas sin ar fáil ar thaispeáint an mhéadair. Ina áit sin, taispeánann an méadar iomlán carnach an ídithe lae agus oíche. Léimid na méadair QH ar fad trí chian-nasc. Tar éis dúinn na sonraí a bhailíochtú, tugaimid na léamha ar aghaidh do do sholáthraí.

Mura n-éiríonn linn do mhéadar a léamh, tabharfaidh duine dár dteicneoirí cuairt ar do áitreabh leis an bhfadhb a réiteach. Féadfaidh sé na léamha a bhailiú de láimh freisin, más gá.

Leasuithe ar shonraí eatraimh measta

Inár gcáil mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, tá ESB Networks ceadúnaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas le seirbhísí méadraithe agus sonraí a chur ar fáil do chustaiméirí agus don mhargadh leictreachais in Éirinn. Mar chuid den ról sin, déantar lear mór léamha méadar cliste a bhailiú agus a phróiseáil gach lá.  I gcás custaiméirí a bhfuil taraifí eatraimh billeála (MCC12) acu le soláthraithe leictreachais, cuireann ESB Networks 48 léamh eatraimh ar fáil gach leathuair an chloig do na soláthraithe leictreachais sin, an méid sin mar aon leis na hiomláin charnacha don ídiú leictreachais ('léamha cláir') ó na méadair sin.  Is ionann na hiomláin sin agus na luachanna atá le feiceáil ar thaispeáint an mhéadair.

Bíonn cásanna ann ina mbíonn moill ann léamha eatraimh iarbhír a bhailiú ó mhéadair mar gheall ar fhadhbanna cumarsáide, briseadh sa chumhacht nó dúshláin theicniúla eile.  I gcásanna mar sin, cuireann ESB Networks luachanna measta ídithe leictreachais ar fáil do na soláthraithe leictreachais do na méadair chuí agus do na tréimhsí eatraimh cuí.  Cuirtear léamha iarbhír isteach in ionad na meastachán de ghnáth nuair a dhéantar an fhadhb a réiteach.  I gcásanna faoi leith, áfach, nuair nach mbíonn an nuashonrú uathoibríoch seo ann, mar shampla, nó nuair nach gcuirtear léamha eatraimh iarbhír ar fáil, cuireann ESB Networks meastacháin eatraimh níos cruinne isteach in ionad na meastachán tosaigh.  Tógtar na meastacháin seo ón ídiú iomlán a thaifeadtar (is é sin léamh carnach an chláir) don tréimhse chuí.  Tugtar na sonraí leasaithe don soláthraí leictreachais ansin. Cuirtear bille nó ráiteas leasaithe ar fáil ansin, uaireanta, é sin ag brath ar chúrsaí ama.

Súil Siar

Tá ESB Networks tar éis teacht ar líon teoranta cásanna a théann siar go 2023 nuair nár cuireadh isteach léamha cearta méadair in ionad luachanna eatraimh measta tosaigh.  Leis an méid sin a shocrú, tá próiseas á chur i bhfeidhm ag ESB Networks i mí Mheán Fómhair 2025 le meastacháin eatraimh níos cruinne a chur isteach in ionad na meastachán tosaigh sin.  Ní gá don chustaiméir aon rud a dhéanamh.  Cuirfidh ESB Networks na sonraí nuashonraithe ar fáil go díreach do na soláthraithe cláraithe leictreachais a bhain leis na huimhreacha tagartha méadarphointe (MPRNanna)* cuí tráth lenar bhain an meastachán.

Mar gheall ar na coigeartuithe seo, d'fhéadfadh do sholáthraí leictreachais faisnéis leasaithe a fháil faoin ídiú leictreachais ó thréimhse ag baint le bille nó ráiteas atá eisithe cheana féin.  Bunaithe ar na sonraí leasaithe, d'fhéadfadh an soláthraí leictreachais bille nó ráiteas a eisiúint chun teacht leis na sonraí leasaithe maidir le hídiú leictreachais.

Má bhíonn aon cheisteanna ann ó thaobh billeála de, ba chóir na ceisteanna sin a chur ar an soláthraí leictreachais a bhfuil tú cláraithe leo.

Más rud é go bhfuil cuntas ar líne agat le ESB Networks, ba chóir a thabhairt faoi deara nach bhfaighfear ansin ach sonraí iarbhír ón méadar. Ní thugtar luachanna measta ná leasaithe ansin.

*Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) - seo uimhir 11 digit a bhaineann go díreach leis an nasc agus méadar leictreachais atá agatsa.  Gheobhaidh tú an uimhir seo sa chúinne ar dheis ag barr an bhille leictreachais ó do sholáthraí leictreachais. 

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí