Léamh méadair a chur isteach
   Cruthaigh cuntas ar líne
Má dhéanann tú cuntas ar líne a chruthú le ESB Networks, beidh tú in ann teacht ar réimse seirbhísí, agus is féidir leat na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Léamh méadair a chur isteach 
 - D’Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) a aimsiú 
 - Stádas d’áitribh ó thaobh gearradh cumhachta de a sheiceáil 
 - Fáil a bheith agat ar na sonraí ó mhéadar cliste d’áitribh
 
   Cad a bheidh ag teastáil chun clárú?
Le cuntas ar líne a chruthú le ESB Networks, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
- D’uimhir MPRN - is féidir leat do MPRN a aimsiú ar do bhille leictreachais. Mura bhfuil do MPRN ar eolas agat, is féidir leas a bhaint as an tseirbhís ‘Aimsigh mo MPRN’ atá ar fáil ar do chuntas ar líne ESB Networks.
 - Uimhir fóin póca - iarrfaimid ort próiseas fíordheimhnithe déshraithe a chur i gcrích le do chuid sonraí a chosaint.
 - Thar aon ní eile, cinntigh go bhfuil d’ainm agus d’uimhir fóin póca mar an gcéanna leis an ainm agus an uimhir a úsáidtear ar do chuntas soláthraí.
 
   Cuir isteach léamh méadair gan cuntas a chruthú
Más mian leat léamh méadair a chur isteach gan cuntas a chruthú, is féidir leat é sin a dhéanamh anseo.