Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Réamhaisnéis fuinnimh in‑athnuaite 

Teach le painéil ghréine.

Réamhaisnéis fuinnimh in‑athnuaite na seachtaine seo

Nuair a bhíonn sé gaofar nó grianmhar, gintear fuinneamh in-athnuaite, rud a laghdaíonn an gá atá le leictreachas ó bhreoslaí iontaise. Má choinníonn tú súil ar an réamhaisnéis, is féidir leat d’fhearas a úsáid ag an am ceart. Tuigimid nach féidir an t-am a athrú i gconaí, agus tá súil againn go gcabhróidh an réamhaisnéis seo leat roghanna eolasacha a dhéanamh. Cé go mb’fhéidir gurb áisiúla leictreachas a úsáid le linn na mbuaicuaireanta (5–7pm de ghnáth), molaimid duit a bheith aireach toisc gur mó a bhíonn an t-éileamh ar an líonra leictreachais le linn na n-uaireanta sin.

  • Is am maith é seo mar go bhfuil fuinneamh in-athnuaite ar fáil
  • Seans gur fearr am eile, níl ach méid teoranta d'fhuinneamh in-athnuaite ar fáil faoi láthair
  • Ní am maith é seo mar nach bhfuil mórán fuinnimh in-athnuaite ar fáil

Cén chaoi a n-oibríonn sé seo

Tá an fhaisnéis seo bunaithe ar fhaisnéis réamhaisnéise aimsire agus ba chóir í a úsáid mar threoir. Úsáidimid sonraí aimsire chun tréimhsí gaofara agus grianmhara a aithint ar fud na tíre. I gcontaetha nach bhfuil giniúint gaoithe iontu, ní chuirtear san áireamh ach réamhaisnéis na gréine. Déantar an réamhaisnéis laethúil a roinnt idir tréimhsí na maidine (7am – meán lae), na hiarnóna (12pm – 4pm), an tráthnóna (4pm – 8pm) agus na hoíche (8pm – 7am)

Cén fáth go bhfuil sé seo tábhachtach

Trí d’úsáid leictreachais a ailíniú leis na réamhaisnéisí seo, tá tú ag tacú go gníomhach le líonra leictreachais níos glaine agus níos glaise. Coinnigh suas chun dáta faoi na táscairí réamhaisnéise fuinnimh atá againn agus cuir tús lena bheith ag déanamh difríochta inniu!

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do Chustaiméirí.