Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

An am maith é seo?

Ederly couple in their kitchen on mobile device

Cad é atá ann?

Cuirtear an deis ar fáil do dhaoine atá páirteach sa chlár ' ‘An Am Maith é Seo?’ duaiseanna a bhuachan de bharr Éire níos inbhuanaithe a chruthú. Na tairbhí a bhainfidh tú as clárú:

  • Gheobhaidh tú eolas agus leideanna áisiúla ar ríomhphost agus trí theachtaireachtaí téacs chun cabhrú leat foghlaim conas smacht a fháil ar úsáid leictreachais do thí.
  • Cuirfear ar an eolas thú ar cén uair is fearr le do ghléasanna leictreacha a úsáid (is é sin, lasmuigh de na buaicuaireanta 5-7 p.m. nó nuair atá leictreachas in-athnuaite á ghiniúint).
  • Tuillfidh tú cártaí digiteacha ríomhbhronntanais freisin as dul i mbun gnímh nuair a fhaigheann tú fógra faoi imeacht fuinnimh.

Cén chaoi páirt a ghlacadh?

Woman relaxing on a couch with a laptop on her knees

Céim 1: Cláraigh lenár gclár

An 1. Logáil isteach i do chuntas ar líne ESB Networks.
Mura bhfuil cuntas agat, beidh ort ceann a chruthú ar dtús le logáil isteach.
Bíodh d’uimhir MPRN réidh agat - beidh sí de dhíth ort chun duaiseanna a fháil. Faigh amach conas d’uimhir MPRN a aimsiú anseo.
2. Cliceáil ar an deilbhín 'Beir duaiseanna leat'.
3. Líon an fhoirm ar líne.
Logáil isteach i mo chuntas Cruthaigh cuntas
A man and a child loading a dishwasher.

Céim 2: Téigh i mbun gnímh

1. Nuair a bheidh tú páirteach sa chlár, tabharfar cuireadh duit páirt a ghlacadh in imeachtaí fuinnimh.
2. Tá trí shaghas imeachta ann: Imeachtaí Laghdaithe Úsáide (Flex Down), Imeachtaí Méadaithe Úsáide (Flex Up) agus Buaicimeachtaí. Baineann gach ceann le hamanna a mbíonn leibhéil éagsúla leictreachais in-athnuaite ar fáil againn.
3.  Seans go mbronnfar duaiseanna ort má dhéanann tú pé rud a fhreagraíonn do shaghas an imeachta agus cabhróidh tú le hÉirinn ar a haistear inbhuanaithe.

Saghsanna imeachta fuinnimh

Visual of a crossed plug

Imeacht Laghdaithe Úsáide

Tá níos lú fuinneamh in-athnuaite ar fáil, déan iarracht gléasanna a úsáideann go leor leictreachais a sheachaint.

Na rudaí a mholtar a dhéanamh:
An 1. Seachain úsáid a bhaint as meaisín níocháin/triomadóir
2. Déan feithiclí leictreacha a luchtú níos déanaí sa lá
3. Laghdaigh úsáid téimh/fuaraithe
4. Múch gléasanna neamhriachtanacha

an icon depicting renewable and non renewable energy sources

Imeacht Méadaithe Úsáide

Tá barrachas fuinnimh in-athnuaite ann, bain leas as an bhfuinneamh in-athnuaite atá ar fáil.

Na rudaí a mholtar a dhéanamh:
1. An meaisín níocháin/triomadóir a úsáid
2. Feithiclí leictreacha a luchtú
3. An miasniteoir a chur ar siúl
4. Do theach a réamhthéamh/réamhfhuarú

Visual of a leaf

Imeacht buaicúsáide

Bain an úsáid is lú agus is féidir as do ghléasanna tí a úsáideann go leor fuinnimh le linn an ama seo. Moltar iad a úsáid roimh nó tar éis na tréimhse 5-7 p.m.

Na rudaí a mholtar a dhéanamh:
1. Úsáid gléasanna lasmuigh den tréimhse 5-7 p.m.
2. Ullmhaigh béilí roimh/i ndiaidh an bhuaic-ama úsáide
3. Seachain gléasanna a úsáideann go leor fuinnimh a úsáid ag an am céanna
4. Bain úsáid as fuinneamh stóráilte, más féidir

Conas is féidir leat leas a bhaint as duaiseanna?

Two people in their kitchen looking at a phone.
ESBN_NNLCP_17

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do Chustaiméirí