Seo deis le heolas a chur ar an bhfeachtas is úire uainn agus clárú air – deis duit eolas a fháil ar na modhanna agus na huaireanta is fearr leis an bhfuinneamh a úsáid i gcaitheamh an lae. Tá sé seo ar fáil do gach custaiméir, is cuma cén soláthraí leictreachais atá agat.
Seo deis tuilleadh eolais a fháil agus clárú le haghaidh na scéime – féadfaidh úsáideoirí incháilithe tráchtála leictreachais íocaíocht a fháil as a n‑éileamh ar an leictreachas a laghdú le linn na tréimhse seirbhíse ar laethanta gnó.
Cluiche spraíúil, idirghníomhach is ea Beir Bua ar an mBuaic a chabhraíonn le húsáideoirí tuiscint a fháil ar na bealaí ar féidir leo níos lú leictreachais a úsáid i rith na mbuaicuaireanta (5–7pm). Ach fearais tí a úsáid taobh amuigh de na buaicuaireanta sin, is féidir le himreoirí pointí a thuilleamh agus dul in airde ar chlár na gcinnirí. Tá sé ina chuid den chlár "An Am Maith é Seo?", a spreagann daoine le bheith níos eolasaí maidir leis an leictreachas a úsáideann siad.