Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Roimh duit Leanúint ar Aghaidh

Tá tú tar éis a roghnú gur mian leat iarratas a dhéanamh ar nasc tráchtála nua. Baineann an t-iarratas seo le háitreabh aonair tráchtála nó tionsclaíoch ar láithreán nua, le haonaid atá ann cheana atá le roinnt ina n-aonad nua nó le háitribh feirme ina n‑úsáidtear lóid de 15kVA nó níos mó go hiondúil (m.sh. críocha tráchtála, tionsclaíocha, talmhaíochta, poiblí, pobail, nó seirbhísí comhroinnte, chomh maith le forbairtí cónaithe i gcás go bhfreastalaíonn an soláthar ar limistéir choiteanna nó chomhroinnte).

Le meastachán bailí a thabhairt duit, ní mór duit faisnéis chruinn a thabhairt i d'iarratas


Faisnéis do chustaiméirí is oibreoirí ionaid sonraí

Ní mór d'oibreoirí ionaid sonraí atá ag lorg nasc leictreachais nua nó athraithe tagairt a dhéanamh anois don Phróiseas Réamh-Rannpháirtíochta agus Iarratais do Mhórúsáideoirí Fuinnimh atá curtha i bhfeidhm ag ESB Networks i ndáil le hionaid sonraí, áit a leagtar amach an próiseas iarratais, measúnaithe agus nasctha ar leith atá i gceist don chatagóir seo custaiméirí.  

Is é cinneadh CRU/2025236 ón gCoimisiún um Rialáil Fóntas maidir le beartas nasctha mórúsáideoirí fuinnimh atá mar bhonn eolais faoi na ceanglais sin. Ba chóir do chustaiméirí breathnú ar an bpáipéar cinnidh sin le teacht ar na sonraí ar fad faoin gcreat rialála is infheidhme maidir le naisc d'ionaid sonraí roimh dóibh iarratas a dhéanamh. Féach na naisc thíos chuig an bpróiseas réamh-rannpháirtíochta agus iarratais do mhórúsáideoirí fuinnimh agus an fógra réamhiarratais d'ionaid sonraí; 

Mórúsáideoir Fuinnimh - Próiseas Réamh-Rannpháirtíochta agus Iarratais do Mhórúsáideoirí Fuinnimh

Fógra Réamhiarratais d'Ionaid Sonraí_athbhreithniú_1

Tréimhse an tionscadail agus gnáthphraghsáil

Maidir le gnóthais bheaga tráchtála: tar éis duit glacadh leis an meastachán agus an íocaíocht a dhéanamh, is aidhm linn an nasc a chur i gcrích laistigh de 60 lá gnó.

I gcás lód mór: d’fhéadfadh aga tionscanta suntasach a bheith i gceist ó iarratas go nascadh, maidir le fiosrúchán a dhéanamh ar an modh nasctha, costais a dhéanamh amach agus, tar éis an ranníocaíocht a dhéanamh, obair a dhéanamh chun an nasc féin a sholáthar. Bíonn éagsúlacht mhór in amanna nasctha ó shuiteáil amháin go suiteáil eile. Maidir le lóid mhóra ísealvoltais nó lóid bheaga mheánvoltais, go hiondúil >100kVA agus fostáisiún sa mheá, d'fhéadfadh sé go dtógfadh siad 6 go 9 mí ó dhéanamh an iarratais go nascadh. Maidir le lóid mhóra ghnó, e.g. os cionn 4MVA, a dteastaíonn nasc ardvoltais 110kV i dtaca leo, d'fhéadfadh sé go dtógfadh siadsan breis is 2 bhliain.

Cé go ndéanfaimid gach uile iarracht na spriocanna ama seo a chomhlíonadh, d'fhéadfadh sé go mbeadh moill ann de dheasca an éilimh ard atá ann faoi láthair.  Ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.

Eolas agus doiciméid éigeantacha 

Seicliosta le haghaidh nasc aonad tráchtála nua 

Éilítear ar na nithe seo a leanas leis an iarratas a chur i gcrích:  

Cóip dhigiteach de do phlean láithreáin
  • Plean Láithreáin agus an foirgneamh marcáilte go soiléir le dath dearg**  
  • Sonraíochtaí an Phlean Láithreáin: 
    • Na cineálacha comhaid a nglactar leo: PDF, GIF, JPG, PNG nó TIF  
    • Uasmhéid an chomhaid: 20 MB  
    • Scála 1:100 Ceantair thuaithe, 1:500 Ceantair uirbeacha  
**Ba chóir go mbeadh an tógálaí nó an t-ailtire in ann an léarscáil de chuid na suirbhéireachta ordanáis agus an plean láithreáin a thabhairt duit. Mura bhfuil siad agat, is féidir iad a cheannach ar  láithreán gréasáin Thailte Éireann.


Cóip dhigiteach de léarscáil de chuid na suirbhéireachta ordanáis de d’áitreabh
  • Léarscáil de chuid na suirbhéireachta ordanáis agus an suíomh marcáilte go soiléir i ndath dearg uirthi 
  • Sonraíochtaí maidir le léarscáileanna na suirbhéireachta ordanáis:
    • Na cineálacha comhaid a nglactar leo: PDF, GIF, JPG, PNG nó TIF 
    • Uasmhéid an chomhaid: 20 MB
    • Scála 1:2500-1:10560

**Ba chóir go mbeadh an tógálaí nó an t-ailtire in ann an léarscáil de chuid na suirbhéireachta ordanáis agus an plean láithreáin a thabhairt duit. Mura bhfuil siad agat, is féidir iad a cheannach ar láithreán gréasáin Thailte Éireann.

 

 

 

Comhordanáidí cruinne X/Y ITM nó GPS le suíomh agus le treoshuíomh beacht d'áitribh a dhéanamh amach

Cén chaoi ar féidir comhordanáidí ITM do láithreáin a aimsiú? 

Is iondúil gur féidir teacht ar na comhordaitheoirí lárphointe ITM sa chúinne ag an mbarr ar dheis den léarscáil suímh de chuid na suirbhéireachta ordanáis.  Scríobhtar mar dhá uimhir sé dhigit iad, iad deighilte ag camóg.  

Cén chaoi ar féidir comhordanáidí GPS do láithreáin a aimsiú? 

Léiríonn comhordaitheoirí GPS do shuíomh mar dhomhanleithead agus domhanfhad agus scríobhtar mar dhá luach uimhriúla iad, mar shampla (51.877520, -8.507442). 
 
Is é Google Maps an bealach is éasca le do chomhordanáidí GPS a aimsiú.  Ar fhón cliste nó ar ríomhaire, scaoil pionna ar shuíomh beacht do láithreáin. Beidh ort zúmáil isteach chomh fada agus is féidir leat leis an suíomh beacht a thabhairt. Le pionna a scaoileadh, cliceáil nó tapáil suíomh do láithreáin agus coinnigh síos é. 
 
Ar fhón póca, tar éis duit an pionna a scaoileadh, tadhaill é le teacht ar na comhordanáidí GPS. Ar ríomhaire deisce, tiocfaidh na comhordanáidí GPS aníos nuair a fhágann tú an biorán síos nó nuair a dhéanann tú deaschliceáil agus ansin ‘What’s here’ a roghnú. Feicfidh tú an domhanleithead agus an domhanfhad ag bun an scáileáin. 

 
Sonraí faoin ualach agus faoi thoilleadh an naisc
  • Faisnéis theicniúil shonrach iad na sonraí faoin lód agus faoi thoilleadh an naisc .  
  • Lena chinntiú go mbeidh siad i gceart, téigh i gcomhairle le do chonraitheoir leictreach.  
  • Is féidir leat an fhoirm a íoslódáil leis na sonraí a theastaíonn a fheiceáil agus iarraidh ar do chonraitheoir leictreach í a chomhlánú ansin. Beidh tú in ann an fhoirm chomhlánaithe a uaslódáil mar chuid den fhoirm iarratais. 


Lean ar aghaidh chuig an iarratas

Nó  As líne

 

Íoslódáil an fhoirm iarrtais  Foirm NC3 Irish version nó cuir glao ar 1800 372 757 le cóip a iarraidgh. 

 

Seol tríd an bpost í chuig: 

ESB Networks, Naisc nua, Bóthar an tSáirséalaigh , Wilton Corcaigh  T12 E367 

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí