Bí Réidh don Gheimhreadh
Is tábhachtach an rud é bheith ullamh nuair a bhíonn drochaimsir ann le sábháilteacht gach duine a chinntiú. Féach thíos roinnt leideanna agus eolais áisiúil faoi na bealaí ar féidir leatsa ullmhú agus coinneáil slán sábháilte i gcaitheamh an gheimhridh.
Comhairle do Chustaiméirí i gcás Gearradh Cumhachta
Tá na bearta réamhchúramacha be chóir a dhéanamh i gcás gearradh cumhachta á gcur i gcuimhne do chustaiméirí ag ESB Networks.
- Fan glan ar shreanga leictreachais tite agus ar chuaillí damáistithe, agus coinnigh leanaí agus ainmhithe siar chomh maith - tuairiscigh a leithéid de dhamáiste do ESB Networks ar 1850 372 999 agus éist go cúramach leis ne teachtaireachtaí taifeadta.
- Cas as cócaireáin, oighinn, iarainn leicteacha, srl. má chailltear an soláthar leictreachais.
- Fág solas ar siúl ionas go mbeidh a fhios agat nuair a thagann an chumhacht ar ais.
- Bí an-chúramach go deo más ag úsáid coinnle, lampaí ola nó lasracha eile gan chosaint atá tú.
- Tástáil aláraim dheataigh le cadhnraí nua.
- Cinntigh gur leor an aeriál má tá tú ag úsáid téitheoirí gáis.
Láithreáin ghréasáin úsáideacha
Lean ar na meáin shóisialta muid