Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Tá ‘60 lá ó glacadh leis na téarmaí’ le feiceáil ar Mo Rianaire sa tráthchlár measta. Cad is ciall leis sin?


I gcásanna nach mbíonn aon obair shuntasach ag teastáil, tá sé mar aidhm ag ESB Networks an nasc a chur ag obair 60 lá gnó tar éis dúinn do Chomhaontú Nasctha sínithe agus an íocaíocht uait a fháil.


Leagtar amach na gealltanais ama atá againn ó thaobh méadraithe agus naisc de sa PDF de Chairt Custaiméirí ESB Networks. Ar choinníoll go ndearna tú iarratas agus gur íoc tú as an nasc 10 seachtaine ar a laghad sular cuireadh an tsuiteáil leictreach i gcrích, cuirfimid an nasc nua i gcrích taobh istigh de choicís i ndiaidh dúinn an deimhniú sreangaithe a fháil.

 

Cairt Custaiméirí ESB Networks

 

(PDF | 742 KB)

 

Tá an méid sin faoi réir na gcoinníollacha i litir an mheastacháin a shásamh (ceadanna slí, deimhniú sreangaithe, ducht seirbhíse faoi thalamh a bheith réidh) agus gan aon treisiú suntasach den líonra a bheith riachtanach.