Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Tá ‘Meastachán ar Siúl’ le feiceáil ar mo Rianaire. Cá fhad a thógfaidh sé sin?


Is é is aidhm dúinn meastachán a sheoladh chugat taobh istigh de 7 lá oibre nuair nach gá cuairt a thabhairt ar do láithreán agus taobh istigh de 15 lá oibre nuair a theastaíonn cuairt ar an láithreán. Má theastaíonn cuairt ar an láithreán, déanfaidh an tOifigeach Innealtóireachta teagmháil leat.

 

Fógra Tábhachtach Sábháilteachta: Más rud é go bhfuil líne nó cábla leictreachais lastuas ag dul trasna an láithreáin, ná déan aon obair go dtí go mbeidh cead faighte agat ó Sheirbhísí Líonra ESB (Uimhir fóin 1800 372 757 nó +353 21 2386555

 

Má bhíonn duine nó meaisín i dteagmháil le líne, nó gar do theagmháil mar sin, d’fhéadfadh an bás a bheith mar thoradh air.