Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Céard atá i gceist le ‘Dearadh ar Siúl’?


Is éard a chiallaíonn sé ná go bhfuil an Comhaontú Nasctha sínithe agus an íocaíocht faighte againn agus go bhfuil tús curtha againn le Céim an deartha de do nasc.

 

Bíonn dearadh mionsonraithe le déanamh sa chéim seo mar aon le haon cheadanna nó ceadanna slí riachtanacha a fháil ó úinéirí talún. Agus na ceadanna sin faighte, is féidir tús a chur leis an nasc a thógáil. I gcásanna áirithe, beidh gá le cuaille nua a thógáil ar an láithreán, taobh istigh de 50 méadar ón gcaibinéad méadair lasmuigh. Léigh an Pacáiste Fáilte (a sheoltar leis an meastachán) chun tuilleadh eolais a fháil maidir le cá háit a gcuirtear caibinéad méadar lasmuigh.