Is éard is brí le ‘Oibreacha nasctha curtha siar’? ná go bhfuilimid ag fanacht le heolas nua uait chun an chéim seo den nasc a chur i gcrích. Féach ‘Mo Liosta Gníomhartha’ chun na gníomhartha a sheiceáil nach mór a dhéanamh chun obair ar do nasc a chur chun cinn. Ionas gur féidir leanúint ar aghaidh le céim na tógála, ní mór duit a dheimhniú go bhfuil an ducht seirbhíse faoi thalamh, an caibinéad méadair agus an chlais talún (nuair is gá) suiteáilte de réir shonraíocht ESB Networks, agus go bhfuil siad réidh lena n-úsáid.