Is féidir. Is féidir gach iarratas a chuirtear isteach ar líne a rianú ar an leathanach ‘Iarratais Nasctha’.Gheobhaidh tú liosta de na hiarratais ar fad atá agat ansin, mar aon le stádas gach iarratais.Más mian leat féachaint ar aon cheann de na hiarratais, is féidir é sin a dhéanamh ansin. Níl faisnéis rianaithe ar fáil ach amháin i gcás naisc nua in áitreabh tí agus áitreabh aonair tráchtála níos ísle ná 100 kVA.