Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Méadair Chliste 

Section 1 - About the Programme

An féidir liom a iarraidh go ndéanfaí mo mhéadar a uasghrádú ní ba luaithe?
Is féidir le custaiméirí iarraidh ar ESB Networks nó ar a soláthraí leictreachais méadar cliste a shuiteáil mar thosaíocht. Beidh d'uimhir MPRN 11 digit de dhíth ort nuair a dhéanfaidh tú teagmháil linn. Is féidir í sin a fháil ar do bhille leictreachais agus tosaíonn sí ar '10' i ngach cás.

Section 2 – Meters Eligible for Exchange

Section 3 - The Installation Process

Céard atá i gceist leis an bpróiseas athsholáthair méadair?

Tá bearta breise crutha i bhfeidhm againn mar fhreagairt ar Covid-19 le sábháilteacht ár gcuid custaiméirí, ball foirne agus conraitheoirí a chinntiú i rith an phróisis athsholáthair méadar.  Tá tuilleadh eolais faoi na bearta seo le fáil anseo (PDF | 187 KB).

Seo thíos na céimeanna a bheidh i gceist le hathsholáthar do mhéadair:

  • Gheobhaidh tú litir cúpla seachtain roimh athsholáthar do mhéadair.
  • Má tá do mhéadar leictreachais lasmuigh de do theach in áit ar féidir teacht air go héasca, ní bheidh ort a bheith sa bhaile agus an t-athsholáthar á dhéanamh againn.
  • Má tá do mhéadar suite taobh istigh, déanfaimid coinne leat.
  • Tiocfaidh teicneoir ESB Networks nó conraitheoir leictreachais ag obair thar ár gceann chuig d'áitreabh chun an méadar atá ann cheana a bhaint agus an méadar cliste nua a chur ina ionad.  Bíonn cárta aitheantais fhótagrafaigh ag gach duine dár gcuid oibrithe.
  • Beidh orainn do sholáthar leictreachais a mhúchadh go ceann thart ar 45 nóiméad leis an obair a dhéanamh go slán sábháilte.
  • Déanfaimid measúnú sábháilteachta freisin ar shuiteáil ghinearálta an mhéadair, agus de réir mar is gá, déanfaimid oibreacha breise leasúcháin gan chostas breise duitse.

Cuir eolas ar do mhéadar cliste nua (PDF | 230 KB)

Cé a dhéanfaidh an obair athsholáthair?
Teicneoir de chuid ESB Networks nó conraitheoir leictreachais ag obair thar ár gceann a dhéanfaidh an obair.  Bíonn cárta aitheantais fhótagrafaigh ag gach duine dár gcuid oibrithe.
An gá dom íoc as an méadar nua?
Ní ghearrfar aon táille bhreise ort as uasghrádú do mhéadair.  Amhail cláir eile uasghrádaithe méadar, tá an costas san áireamh sna táillí a íocann tú cheana féin as an líonra leictreachais a úsáid.
Cén áit a bhfeisteofar mo mhéadar cliste?
Beidh an méadar cliste nua san áit chéanna le do mhéadar reatha.
Céard a tharlóidh más rud é go bhfuil mise nó duine eile i mo theach spleách ar leictreachas ar chúiseanna leighis?

Déanfaidh ESB Networks teagmháil leis na custaiméirí go léir is eol a bhfuil cúnamh speisialta ag teastáil uathu le coinne a dhéanamh leo leis an méadar nua a shuiteáil. 

Le clárú mar chustaiméir a bhfuil cúnamh speisialta de dhíth air, faigh do MPRN (is uimhir a bhíonn ar do bhille leictreachais agus a thosaíonn ar '10' i ngach cás) agus déan teagmháil le do sholáthraí leictreachais.  Cinnteofar leis sin gur féidir le ESB Networks aire a thabhairt duitse agus do bhaill do theaghlaigh i gcás go mbeadh gearradh cumhachta i do cheantar agus nuair a bheidh do mhéadar le hathsholáthar.

Section 4 - My Meter has been installed, what next?

Cathain a thosóidh mo mhéadar nua ag feidhmiú?

Tar éis a shuiteála, beidh do mhéadar cliste nua ag feidhmiú láithreach bonn agus ní bheidh ort aon rud eile a dhéanamh. Faoi cheann 30 lá, beidh nasc déanta ag do mhéadar leis an líonra cumarsáide slán atá ag ESB Networks.

A luaithe a bheidh an próiseas sin curtha i gcrích, léifear do mhéadar go cianda agus, uaidh sin amach, beidh fáil agat ar na seirbhísí cliste atá á gcur ar fáil ag soláthraithe leictreachais.

An gá dom léamha méadair a chur isteach anois agus méadar cliste agam?

Tar éis do do mhéadar cliste nua nascadh lenár líonra cumarsáide cliste, tosóidh sé ag seoladh léamha chugainn go huathoibríoch.  Roinnfear na léamha méadair le do sholáthraí ansin le ligean dó bille cruinn a ullmhú duit, go díreach mar a dhéantar faoi láthair.

Seans nach bhféadfaí méadair a léamh ó chian in amanna agus, dá réir sin, bheadh bille measta ann dá thoradh sin.

Cén chaoi ar féidir liom seirbhísí cliste leictreachais a fháil?
Is féidir leat tú teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí leictreachais reatha nó le haon chuideachta eile soláthair leictreachais le heolas a fháil ar na seirbhísí cliste atá ar fáil duit.
Tá méadar cliste agam - cén fáth a mbíonn billí measta á bhfáil agam fós?

D'fhéadfá bille measta a fháil ó do sholáthraí ar roinnt cúiseanna éagsúla.

  • Tar éis shuiteáil do mhéadair, tógfaidh sé suas le 30 lá air nasc a dhéanamh leis an líonra cumarsáide slán atá againn.  A luaithe a bheidh an próiseas sin curtha i gcrích, tosóidh do mhéadar ag seoladh léamha chugainn go huathoibríoch.  Murar suiteáladh do mhéadar cliste ach le deireanas, b'fhéidir gur cruthaíodh an bille sular thosaíomar ag glacadh léamha uathoibríocha.
  • Seans go bhfuil an nasc le do mhéadar á chailleadh againn anois is arís de bharr go bhfuil an soláthraí líonra teileachumarsáide ag déanamh obair chothabhála ar an líonra i do cheantarsa, de bharr go bhfuil bacainn fhisiceach sa bhealach ar an gcomhartha, nó de dheasca drochaimsire.
  • B'fhéidir go bhfuil do mhéadar suite in áit lagnascachta nach féidir leis nascadh lenár líonra cumarsáide slán.  Is féidir linn roinnt seiceálacha a dhéanamh lena dhéanamh amach an é sin an fhadhb.

Déanfaimid iarracht léamh uathoibríoch a fháil ó do mhéadar an chéad uair eile. Má fhaigheann tú billí measta arís fós féin, déan teagmháil linn ar: 

1800 928 123 nó 01 6985005 le gur féidir linn an scéal seo a fhiosrú duit.

Tá méadar cliste agam - cén fáth nach féidir liom táillí bunaithe ar eatraimh a úsáid?

Tar éis shuiteáil do mhéadair, tógfaidh sé 30 lá air nasc a dhéanamh leis an líonra cumarsáide slán atá ag ESB Networks.  A luaithe a bheidh an próiseas sin curtha i gcrích, beidh fáil agat ar na seirbhísí cliste atá á gcur ar fáil ag soláthraithe leictreachais.

B'fhéidir nach nascfaí do mhéadar lenár líonra cumarsáide slán i líon beag cásanna de bharr go bhfuil do mhéadar suite i gceantar lagnascachta nó go bhfuil bacainn fhisiciúil sa bhealach air.

Mura féidir linn nascadh go cianda le do mhéadar cliste, is féidir leat na táillí caighdeánacha ama úsáide a fháil trí do chuideachta soláthair leictreachais mar sin féin. Chuige sin, beidh ar léitheoir méadar cuairt a thabhairt ar d'áitreabh le do mhéadar a léamh.  Cuirfidh táillí ama úsáide ar do chumas d'ídiú leictreachais a aistriú chuig na hamanna den lá a mbíonn praghas an leictreachais níos ísle. 

Má insíonn do sholáthraí leictreachais duit nach bhfuil do mhéadar ag nascadh lenár líonra cumarsáide slán, déan teagmháil linn ar: 

1800 928 123 nó 01 698 5005

An gcuireann na méadair nua seo mo shláinte i mbaol?

Is tábhachtaí le ESB Networks do shláinte agus sábháilteacht.  Beidh na méadair chliste sábháilte agus comhlíonfaidh gach ceanglas agus caighdeán idirnáisiúnta is gá.  Tá measúnú déanta ag údaráis sláinte ar fud an domhain, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ina measc, ar an bhfianaise eolaíochta atá ann agus níl éifeachtaí cruthaithe sláinte ag baint le méadair chliste, a úsáideann teicneolaíocht atá cosúil lena bhfuil i d'fhón póca.

Breathnaigh ar a thuilleadh faisnéise maidir le méadair chliste agus sláinte

Section 5: Smart Meters and Data

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Teagmháil