It appears JavaScript is disabled. In order for this website to function correctly you need to enable JavaScript in your browser.
Léifear é 6 uaire in aghaidh na bliana, gach dhá mhí.
Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go nglacfaidh ionadaí ó ESB Networks ceithre léamh iarbhír in aghaidh na bliana ag do theach. Meastacháin iad an dá léamh eile bunaithe ar phatrúin úsáide roimhe sin.
Más mian leat léamh méadair a ghlacadh, caithfidh tú a bheith ar an eolas maidir le cén cineál méadair atá agat.
Ring 1800 33 77 77 - you will need your MPRN and reading
Text 087 9609223 (in format MPRN(space)reading)
Tá an MPRN le fáil ag barr an leathanaigh ar an mbille leictreachais ón soláthraí leictreachais.
Áit a bhfuil an MPRN
Mura mbíonn tú sa bhaile nuair a thiocfaidh an léitheoir méadair, fágfaidh sé nó sí cárta duit i do bhosca litreacha chun iarraidh ortsa an léamh méadair a sheoladh isteach. Má sheolann tú léamh méadair isteach laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh duit an cárta a fháil, féadfaidh do Sholáthraí Leictreachais é a úsáid chun do chéad bhille eile a ríomh. Mura ndéanfaidh tú é sin, úsáidfear léamh measta lena ríomh.