Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)

FOI10412

DFómh 17, 2024, 19:25
ID Number : FOI10412
Select a status : Ceadaithe go páirteach
Select a category : Cliant
Date Received : Ean 17, 2023, 00:00
Date of Decision : Noll 13, 2023, 00:00

1.  Gach taifead a bhaineann le bristeacha gléasra agus línte ag fostáisiún Glassmore, as ar tháinig dínascadh níos mó ná 1000 custaiméir, sa tréimhse ó 00:00 ar an 16 Meán Fómhair 2022 go dtí 23:59 ar an 16 Eanáir 2023, agus an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt maidir le gach briseadh:

a.  am tosaithe agus am críochnaithe an bhriste;

b.  an leibhéal sa líonra ag ar tharla an briseadh, 110 kV , 38kv;

c.  an chúis shonrach a bhaineann leis an mbriseadh;

d.  cibé an raibh aon ghléasra nó línte iomarcacha ábhartha as seirbhís tráth an bhriste agus cibé acu ar chuir sé sin leis an mbriseadh nó nár chuir;

e.  cibé an ndearnadh aon mholtaí chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlóidh bristeacha comhchosúla arís agus, má rinneadh, ar cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm nó an bhfuil sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm;

f.  cibé an féidir na scoradáin tuislithe a dhúnadh in aghaidh lánualaigh nó an gcaithfidh scoradáin ar leibhéal níos ísle a bheith a oscailt ar dtús; agus

g. cibé an féidir na scoradáin iomchuí a dhúnadh go cianda, nó an gá criú a chur amach, agus cad as a dtagann an criú de ghnáth.

2.  Na taifid go léir a bhaineann le cibé an bhfuil aon iomarcaíocht sa ghléasra agus sna línte a sholáthraíonn limistéar Lusca ó Glassmore agus a shainaithníonn pointí aonair teipe sa soláthar go Lusca.