Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI10299
1. Taifid an phróisis soláthair maidir le dearaí oibre cruach/piolón le haghaidh thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:
(i) cóip de na cáipéisí soláthair a eisíodh;
(ii) cóip de na dearaí uile oibre cruach/piolón a breithníodh lena n-úsáid i dtionscadal an idirnascaire thuaidh theas; (iii) cóip den chinneadh leis an gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair maidir le dearadh oibre cruach/piolón le haghaidh an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear miontuairiscí an chruinnithe ina ndearnadh an cinneadh;
(iv) cóip den chonradh / creat-chomhaontú / tairiscint a rinneadh a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair;
(v) cóip de na dearaí agus sonraíochtaí oibre cruach/piolón a ceadaíodh do thionscadal an idirnascaire thuaidh theas;
(iv) cóip d’aon orduithe a rinneadh faoin gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint.
2. Taifid an phróisis soláthair maidir le soláthar oibre cruach/piolón do thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh:
(i) cóip de na cáipéisí soláthair a eisíodh;
(ii) cóip den chonradh/creat-chomhaontú/tairiscint ar éirigh leis le haghaidh soláthar oibre cruach/piolón don idirnascaire thuaidh theas:
(iii) cóip den chinneadh an conradh/creat-chomhaontú/tairiscint a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair maidir le soláthar oibre cruach/piolón don idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear miontuairiscí an chruinnithe ina ndearnadh an cinneadh:
(iv) cóip d’aon orduithe a rinneadh faoin gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint.
3. Taifid ar aon chreat-chomhaontuithe/conarthaí/tairiscintí eile a dámhadh maidir le soláthar ábhar agus/nó oibreacha a dhéanamh ar thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear cóip den chonradh/ creat-chomhaontú/conradh, ach gan bheith teoranta dóibh.
Leave a comment
