Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)

FOI10252

DFómh 18, 2024, 16:43
ID Number : FOI10252
Select a status : Ceadaithe go páirteach
Select a category : Cliant
Date Received : Feabh 13, 2020, 00:00
Date of Decision : Márta 11, 2020, 00:00
  1. Aon taifead* a léiríonn an meánlíon bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe a tharla do gach custaiméir (nó aon taifead ar féidir é a úsáid chun an meánlíon sin a ríomh), bunaithe ar bhristeacha / cur isteach neamhbheartaithe a tharla do gach custaiméir (idir chustaiméirí cónaithe agus chustaiméirí tráchtála) ar bhonn bliantúil le haghaidh gach ceann de na blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo. 
  2. Aon taifead* ina ndéantar anailís ar chur isteach / bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe ar bhonn geografach i ngach ceann de na blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo. 
  3. Aon taifead* a thaispeánann na ceantair nó dúichí tarchuradóireachta a raibh an fheidhmíocht ‘is fearr’ agus ‘is measa’ acu ó thaobh cur isteach / bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe de i ngach ceann de na blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo. 
  4. Aon taifead* a thaispeánann faisnéis maidir le dátaí, amanna agus fad ama cur isteach / bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe a tharla sna blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo do chustaiméirí a bhfreastalaíonn an claochladán atá suite ag Burnaby Mill sna Clocha Liatha orthu, lena n-áirítear bristeacha nach raibh fadhb ag an gclaochladán sin ina cúis leo.
  5. Aon taifead* a thaispeánann nó a dhéanann anailís ar mhinicíocht na mbristeacha, go náisiúnta nó i dTuaisceart Chill Mhantáin, le himeacht aon tréimhsí comparáideacha (m.sh. na cúig bliana dar críoch an 31/12/2019 i gcomparáid leis na cúig bliana dar críoch an 31/12/2014), na sonraí reatha, agus na sonraí maidir leis na blianta ó 2012 i leith 
  6. Aon taifead* ina ndéantar anailís ar acmhainn an líonra tarchuir trína gcuirtear leictreachas ar fáil do cheantar Chill Mhantáin i gcoitinne, do na Clocha Liatha agus do Burnaby Mills go háirithe, agus ar cibé acu a bheidh sé in ann an aimsir a sheasamh nó nach mbeidh. 
  7. Aon taifead* ina ndéantar anailís ar an éileamh náisiúnta measta ar leictreachas amach anseo, agus béim faoi leith ar éileamh ó chustaiméirí tí arna eascairt ó úsáid mhéadaithe feithiclí leictreacha. 
  8. Aon taifead* ina ndéantar achoimre ar chumas an líonra tarchuir náisiúnta atá ann faoi láthair freastal ar an éileamh a mheastar a bheidh ar leictreachas sa amach anseo. 
  9. Aon taifead* ina ndéantar achoimre ar chumas an líonra tarchuir náisiúnta atá ann sna Clocha Liatha, Cill Mhantáin faoi láthair, nó a fhreastalaíonn ar an gceantar sin, an t-éileamh a mheastar a bheidh ar leictreachas amach anseo a shásamh. 
  10. Aon taifead* ina ndéantar achoimre nó anailís mhionsonraithe ar chumas na nasc cónaithe atá ann faoi láthair tacú leis an éileamh a d’fhéadfadh a bheith ar leictreachas amach anseo in aonaid chónaithe (tithe, árasáin nó cineálacha eile áiteanna cónaithe) ina bhfuil soláthar caighdeánach aon phas 220V agus inar gá níos mó ná feithicil leictreach amháin a luchtú gach oíche. 
  11. Aon taifead* ina ndéantar anailís ar chumas an chlaochladáin ag Burnaby Mill sna Clocha Liatha éileamh reatha na dtomhaltóirí ar an leictreachas agus an t-éileamh is dócha a bheidh ann amach anseo a láimhseáil. 
  12. Na doiciméid Príomhstaitisticí is déanaí atá ag ESB Networks (faightear doiciméad ó 2014 tríd an bhfeidhm chuardaigh ar do láithreán gréasáin)* Agus ‘aon taifead’ á iarraidh, agus ní ‘na taifid ar fad’ – Ní theastaíonn uaim ach sampla ionadaíoch de thaifid a fháil ina dtugtar ‘léargas garbh’ ar an scéal.