Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)

FOI00795

Ean 21, 2025, 15:46
ID Number : FOI00795
Select a status : Rinneadh an t-iarratas seo a láimhseáil taobh amuigh den phróiseas saorála faisnéise/Tarraingthe siar
Select a category : Iriseoir
Date Received : MFómh 23, 2023, 00:00
Date of Decision : MFómh 23, 2023, 00:00

Is úinéir árasáin mé. MUD de 5 aonad tráchtála, 1 ionad leighis agus 34 árasán.

Tá fiosrúchán á dhéanamh agam faoi na háiteanna comónta agus fúthu sin amháin - deirtear linn go bhfuil trí mhéadar ann a bhaineann leo.

Táim ag lorg rochtain ar:

  • na pleananna a chuir ár dtógálaí ar aghaidh le haghaidh na seirbhísí leictreachais a suiteáladh. Is gá dom tuiscint a fháil ar an mbonneagar a ceanglaíodh le gach méadar ag an am. Tharla sin timpeall ar 2004 (cuireadh an tógáil i gcrích i mí Iúil 2005).
  • ba mhaith liom cóipeanna a fháil d’aon oibreacha a rinneadh ina dhiaidh sin chun línte a leasú, ionas gur féidir linn a fheiceáil cad é an bonneagar atá ceangailte le gach méadar.
  • ár mbillí ón 1 Feabhra go dtí an 16 Meán Fómhair 2024 (nó na dátaí is gaire) nó na costais go dtí an dáta sin (dúradh linn gur 67c in aghaidh na cileavatuaire an ráta a bhí againn don chuid is mó den tréimhse sin, ach seans nach bhfuil faisnéis faoi rátaí agat).

Níl uimhir MPRN agam. Ghlac mé seatanna scáileáin de na trí mhéadair a dhealraítear gur linne iad, tá siad ag gabháil leis seo.

Dála an scéil, glacadh an grianghraf de na méadair chliste ag 21:17 ach tá amanna éagsúla ar an dá mhéadar cliste (19:32 agus 20:11). Tuigim go ndéanfaidh tú teagmháil liom má theastaíonn soiléire uait.