Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)

FOI00722

DFómh 17, 2024, 16:07
ID Number : FOI00722
Select a status : Ceadaithe go páirteach
Select a category : Cliant
Date Received : Márta 26, 2024, 00:00
Date of Decision : Aib 15, 2024, 00:00

Cóipeanna den cháipéisíocht, de na treoracha don fhoireann, de na meamraim, sceidil “inmheánacha” srl., lena gceanglaítear ar an bhfoireann tuairiscí a chur isteach (agus cén cineál faisnéise a bhailiú lena cur isteach) chuig comhlachtaí Stáit, faisnéis a shainaithníonn maoine folmha bunaithe ar úsáid leictreachais sna maoine sin, de réir reachtaíocht den sórt sin a éilíonn a leithéid d’fhaisnéis a chur isteach. Bheadh sé ina chúnamh cóip de na tuairiscí seo a fháil - ach gan AON aitheantas úsáideora a bheith leo, dar ndóigh, d’fhonn a bheith comhlíontach le RGCS. 

Tá mé sásta m’iarratas a leasú dá sábhálfadh sin am oraibh ach, mar sin féin, ba mhaith liom freagra a fháil ar na príomhcheisteanna seo.  

CEISTEANNA: Tuigtear dom go dtugann do chuideachta/ghnólacht/eagraíocht comhairle do chomhlacht stáit nuair atá an chosúlacht ann go bhfuil an soláthar méadraithe gan úsáid, rud a thugann le fios go bhfuil Teach Folamh ann, rud is cúis le Muirir Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) phionósacha a ghearradh. Dá bhrí sin, ba mhaith liom na nithe seo a leanas a dheimhniú: 1. An gcuireann sibh a leithéid d’fhaisnéis ar fáil nuair a thiteann an leibhéal úsáide faoi leibhéal áirithe ? 

2. Más amhlaidh gur “TÁ” an freagra, ba mhaith liom a fháil amach:

2.1 céard é an leibhéal áirithe sin (arna shainiú de réir aonad tomhais) 2.2 cén tréimhse ama a bhaineann leis sin (i.e. arna thomhas thar thréimhse aon mhíosa amháin ? 3 mhí ? cé mhéad ama ?)

2.3 ainm an chomhlachta stáit a chuirtear na tuairiscí isteach chuige (na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Tithíochta, eile ?)

2.4 má tá reachtaíocht shainiúil ann a éilíonn oraibh sin a dhéanamh, agus más amhlaidh go bhfuil

2.5 céard é ainm na reachtaíochta sainiúil seo (cén tAcht atá i gceist ?)

2.6 De réir fhorálacha reachtaíocht RGCS, an amhlaidh go sáraíonn sé seo an reachtaíocht sin?

 3 Céard é an “leibhéal áirithe” (féach ceist 1 thuas), sa chás ina sárófar an leibhéal, nach mbeadh oraibh tuairisc den chineál sin le cur isteach ina leith.