Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI00679
Is é an rud ba mhaith liom a fháil ón ESB ná an mheánúsáid teaghlaigh agus/nó Iomlán an Fhuinnimh a úsáideadh de réir Toghcheantair i gcathair na Gaillimhe. Is cosúil nach bhfuil aon fhigiúirí maidir le húsáid fuinnimh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh de réir ceantair, agus nach bhfuil acu ach figiúirí de réir cineáil teaghlaigh, agus de réir rátáil BER. An bhféadfainn tuairisc stairiúil de shaghas éigin ar úsáid fuinnimh de réir ceantair a fháil, cibé an úsáid de réir toghroinne nó de réir Ceantar Beag an CSO a bheadh i gceist? Ba mhaith liom na sonraí seo a úsáid chun imscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a mbaineann úsáid fuinnimh le cúrsaí déimeagrafaice, le haicme shóisialta, le praghsanna tithe, le leibhéal oideachais srl, agus freisin an comhchoibhneas idir an meánráta BER agus an úsáid fuinnimh teaghlaigh a scrúdú.
Leave a comment
