Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI00641
Mar fhreagra ar ríomhphost roimhe seo cheadaigh an ESB rochtain ar chlár naisc i bhforbairt Ghleann na Muilleoirí, Sord/An Seanbhaile. Bhí an tábla sin cothrom le dáta go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair, 2020. Ó cuireadh an tábla sin le chéile, tá na céadta tithe eile tar éis a bheith nasctha leis an eangach. Díoladh na ceantair níos nuaí faoi na hainmneacha Longview, Meadowbank agus le déanaí West Mill. Táimid ag lorg eolais maidir le líon iomlán na dtithe atá nasctha le heangach ESB ó cuireadh tús le forbairt Gannon Homes ach níl tábla thar a bheith mionsonraithe de dhíth orainn. An féidir na sonraí sin maidir le hiomlán na nasc nua a iarraidh? Baineann ár n-iarraidh leis an limistéar ó dheas den R125 - lastuaidh d'Abhainn an Mhóinéir Leathain - soir ó shíneadh Bhóthar Ghleann Eilín/ Radharc an Chaisleáin.
Leave a comment
