Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI00628
Faoin Acht táim ag lorg eolais maidir le hoibriú Líonra Dáileacháin Cumhachta na Glaise Móire ag na dátaí agus amanna 0300 Dé hAoine 18 Lúnasa go dtí 1900 Dé Domhnaigh 20 Lúnasa 2023. Chomh maith leis sin, táim ag lorg eolais don tréimhse thar an tsaoire bainc, an 6, 7 agus 8 Lúnasa 2023, nuair a tharla gearradh cumhachta freisin. Tuigim gur mhair na gearrthacha seo tamall fada, ach níl uaim ach an t-eolas seo a leanas: Cé mhéad de na custaiméirí a bhí buailte ag na gearrthacha a raibh orthu “Athshocrú Láimhe” a dhéanamh ag baint úsáide as lasc thuisleach - lasc scoite chun an cumhacht a aischur? Bheadh faisnéise atá clúdaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ag teastáil uaim; faisnéis maidir le hamanna agus dátaí na ngearrthacha cumhachta a tharla i Líonra na Glaise Móire Móire, gearrthacha cumhachta a bhuail baile Lusca agus ceantair imeallacha amhail Baile Risteaird, An Bhoth Fhuar, an Baile Gaelach agus Baile Locha. Ba mhaith liom a fháil amach cén uair a rinneadh an chumhacht a aischur tar éis don innealtóir teacht amach agus an lasc a bhrú ar ais ina áit.
Leave a comment
