2022 FOI disclosure logs
FOI10387
Cur síos ar an iarratas
- An dtugann ESB lascaine nó fóirdheontas d’fhostaithe ar a mbillí gáis agus/nó leictreachais?
- Má thugann, cé mhéad fostaithe atá ina dteideal?
- Cén chaoi a ríomhtar an lascaine? Is é sin le rá, an méid seasta é in aghaidh an fhostaí agus, más ea, céard é an méid seasta sin? Nó an céatadán den bhille iomlán é? Nó an úsáidtear modh éigin eile?
- Cé mhéad a chosain an lascaine ar an gcuideachta sa bhliain airgeadais iomlán dheireanach? An dtiocfaidh méadú ar chostas na lascaine don chuideachta mar a thiocfaidh méadú ar phraghsanna fuinnimh?
FOI10393
Cur síos ar an iarratas
- Ó 2000 i leith cé mhéad teachtaireachtaí a fuair sibh ó chustaiméirí a raibh imní orthu go raibh earráidí CLOIG AMA ar an méadar leictreachais a soláthraíodh dóibh
- An ndearnadh athbhreithniú inmheánach ar chloig ama mhéadair lochtacha nó earráideacha a soláthraíodh do chustaiméirí ó 2000 i leith, agus an féidir leat den athbhreithniú sin a chur ar fáil?
- Maidir le custaiméirí ar gearradh táillí ró‑ard orthu, céard é an nós imeachta le dul i ngleic leis sin?
- I gcásanna inar gearradh táillí ró‑ard ar chustaiméirí, cén nós imeachta a leantar?
- I gcás gur suiteáladh trealamh míchruinn, ar tugadh fógra do gach custaiméir a bhí thíos leis?
- An féidir leat breac‑chuntas a thabhairt ar an gcaoi ar tharla sé gur suiteáladh cloig ama lochtacha? i.e. cé air a bhfuil an locht as na cloig ama mhíchruinne?
FOI10394
Cur síos ar an iarratas
An ráiteas oifigiúil agus na cúiseanna oifigiúla go raibh briseadh cumhachta i mBóthar Shíol Bhroin, Luimneach ar an 2 Deireadh Fómhair 2022.
FOI10395
Cur síos ar an iarratas
Na sonraí agus an comhfhreagras uile a bhaineann leis an láithreán ag an bhfostáisiún de chuid ESB ag Garrán an Bháin Ghlais, léarscáileanna, nótaí cuairte láithreáin, r‑phoist maidir le díol an láithreáin, comhairle nó tuairimí a lorg an forbróir nó idir rannáin in ESB nó in ESB Networks maidir leis an iarratas bunaidh pleanála nó iarratais dá éis, agus an fhorbairt ar bun ag an láithreán san áireamh, doiciméid maidir le haon mheasúnuithe a rinne ESB ar na pleananna le haghaidh na ceardlainne caithimh aimsire nó ar aon athruithe eile a rinneadh faoin gcead pleanála bunaidh a deonaíodh, iarratais ón bhforbróir le haghaidh cruinnithe ag an láithreán, nótaí achoimre dá éis sin faoi aon chruinnithe a d’fhéadfadh a bheith reáchtáilte tar éis na gcruinnithe ar an láithreán, comhfhreagras, más ann dó, leis an bhforbróir nó le haon tríú páirtithe i ndáil le péinteáil an fhostáisiúin nó oiriúnacht an láithreáin ó thaobh forbartha de, agus aon chomhfhreagras ginearálta ina ndéantar tagairt don suíomh seo, e.g. an rannóg dlí, innealtóirí, slándáil, srl. idir an 22 Feabhra 2022 agus an 10 Deireadh Fómhair.
FOI10399
Cur síos ar an iarratas
Ba mhaith liom a iarraidh, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, gach taifead agus comhfhreagras atá i seilbh ESB/idir an ESB agus cuideachtaí teicneolaíochta faoi ullmhúcháin, pleanáil theagmhasach agus aon phleananna, straitéisí, ábhair imní nó pléití maidir le lándorchú féideartha an geimhreadh seo.
FOI10401
Cur síos ar an iarratas
Cóip den DPIA a bhaineann le bailiú sonraí faoi theaghlaigh trí mhéadair chliste ag ESB Networks.
FOI10402
Cur síos ar an iarratas
Gach comhfhreagras idir ESB agus stáisiúin seirbhíse (.i. miondíoltóirí peitril agus díosail) i bPoblacht na hÉireann maidir le pointí luchtaithe a shuiteáil do charranna leictreacha ar réamhchúirteanna. Is mian liom go gclúdódh an t-iarratas seo an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an lá atá inniu ann. Ba mhaith liom go n-áireofaí san iarratas seo gach litir agus ríomhphost.
FOI10404
Cur síos ar an iarratas
Ba mhaith liom iarratas a dhéanamh ar gach comhfhreagras idir bainistíocht shinsearach ESB Networks DAC agus na heintitis chorparáideacha a rialaíonn réamhchúirteanna garáiste in Éirinn. Is mian liom iarratas a dhéanamh ar chomhfhreagras a bhaineann go sonrach leis an bpraghas atá i gceist le naisc a sholáthar don chóras dáileacháin do phointí luchtaithe leictreacha. (I mbeagán focal, tuigim go raibh plé ann maidir leis an bpraghas atá á ghearradh ag ESB ar réamhchúirteanna garáistí go náisiúnta chun pointí luchtaithe a shuiteáil do charranna leictreacha agus tá mé ag iarraidh an doiciméadú sin a iarraidh.)
Is mian liom go gclúdódh an t-iarratas seo an tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an lá atá inniu ann.