Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cad ba chóir dom a dhéanamh faoi chrainn a bheidh ag cur isteach ar líne leictreachais lastuas roimh i bhfad?

Déanfaidh ár bhfoireann socrú le go dtabharfaidh criú gearrtha crann cuairt ort le breathnú ar an áit. Má dhearbhaíonn siadsan gur gá na crainn a ghearradh, beidh sé mar aidhm againn an obair a chur i gcrích taobh istigh de 3 nó 4 seachtaine. Mar sin féin, má chinneann siad nach gá iad a ghearradh láithreach ar mhaithe le sábháilteacht an phobail ná an líonra, cuirfear gearradh na gcrann sin san áireamh inár gcláir sceidealta gearrtha crann. 

 

Le tuilleadh eolais a fháil faoi bhearradh crann agus fálta ar do thalamh, cliceáil anseo.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí