Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.
Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.
Céard iad na critéir incháilitheachta le híocaíocht a fháil as a n-easpórtálaim?
Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntas a shocraíonn na critéir incháilitheachta a bhaineann le híocaíochtaí a fháil as leictreachas a easpórtáil chuig an eangach. Le tuilleadh faisnéise a fháil ar na critéir incháilitheachta, féach láithreán gréasáin an Choimisiúin ag Luach saothair d’fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite as leictreachas easpórtáilte.