Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Tá níos mó ná MPRN amháin agam. An féidir liom mo MPRNanna go léir a nascadh faoi Chuntas ar Líne ESB Networks amháin?

Is féidir. Nuair a chruthaíonn tú do chuntas ar líne, beidh tú in ann na hUimhreacha Tagartha Méadarphointe (MPRNanna) go léir a nascadh ar chuntar gur tusa an custaiméir cláraithe ina leith. Éileoimid ort próiseas fíordheimhnithe dhá fhachtóir a chur i gcrích, rud á dhéantar trí SMS a sheoladh chuig an bhfón póca atá nasctha leis na MPRNanna.  Tabhair do d’aire NACH MÓR don uimhir fóin póca agus don ainm a chláraíonn tú ar do chuntas a bheith ag teacht leis na sonraí atá cláraithe le do sholáthraí leictreachais.  Ba cheart go mbeifeá in ann na sonraí sin a fheiceáil ar do bhille leictreachais.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí