Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cad iad na bealaí inar féidir liom páirt a ghlacadh?

Tá go leor deiseanna ann chun páirt a ghlacadh, mar shampla: 

Trí nascadh leis an eangach agus leictreachas in-athnuaite a ghiniúint. Ceann de na príomhchuspóirí atá leis an gClár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’ ná feabhas a chur ar éascaíocht agus luas na rochtana ar an nginiúint in-athnuaite nua. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi seo, déan teagmháil linn ag engagement@esbnetworks.ie

Is féidir leat páirt a ghlacadh inár dtionscnaimh. Is féidir le custaiméirí tí agus custaiméirí tráchtála leictreachais, mar shampla, a bheith páirteach trí laghdú a dhéanamh ar a n-úsáid leictreachais le linn buaic-uaireanta agus Buaic-Imeachtaí. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár bhfeachtas ‘An am maith é seo’, cliceáil  anseo.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár dtionscnaimh ‘Beir Bua ar an mBuaic – Gnó’, cliceáil  anseo. 

Fáiltímid roimh aiseolas agus táimid ag lorg custaiméirí agus páirtithe leasmhara i gcónaí le bheith páirteach trí chur lenár gcomhairliúcháin phoiblí. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo faoi na comhairliúcháin.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí