Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.
Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.
Gabhann ESB Networks air féin go gcuirfear an Clár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’ chun feidhme i gcomhréir le gach dlí príobháideachais sonraí is infheidhme, agus go mbeidh gach sonra pearsanta a bhaineann le custaiméirí slán sábháilte.