Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an gclár / cathain a gheobhaidh mé mo mhéadar cliste?

Thosaíomar ag soláthar méadair chliste i bhfómhar 2019 agus tá os cionn 800,000 méadar cliste suiteáilte againn ar fud na tíre ó shin. Tá na méadair chliste á suiteáil réigiún ar réigiún agus táimid ag obair faoi láthair sna contaetha seo : Baile Átha Cliath, Corcaigh, an Clár, Laois, Lú, Cill Dara, an Mhí, Cill Mhantáin, Luimneach, Sligeach, Liatroim, Ceatharlach, Gaillimh, Uíbh Fhailí, Dún na nGall, Ros Comáin, Ciarraí, Port Láirge, Cill Mhantáin, Muineachán agus Cill Chainnigh.


Tá sé beartaithe againn tosú ag obair i gceantair nua i mBaile Átha Cliath agus sna contaetha seo a leanas sna míonna amach romhainn: an Cabhán, an Iarmhí, Maigh Eo agus Tiobraid Árann. Tabharfaimid neart fógra duit nuair a bheimid ag teacht chun do cheantair. Suiteálfar méadar cliste i dtithe agus gnóthais freisin i gcás go mbeidh nasc nua 24 uair an chloig le cur ar bun, deisiúcháin lochta le déanamh nó méadar le hathsholáthar sa ghnáthchúrsa.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí