Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Tá méadar cliste agam - cén fáth a mbíonn billí measta á bhfáil agam fós?

D'fhéadfá bille measta a fháil ó do sholáthraí ar roinnt cúiseanna éagsúla.


  • Tar éis shuiteáil do mhéadair, tógfaidh sé suas le 30 lá air nasc a dhéanamh leis an líonra cumarsáide slán atá againn. A luaithe a bheidh an próiseas sin curtha i gcrích, tosóidh do mhéadar ag seoladh léamha chugainn go huathoibríoch. Murar suiteáladh do mhéadar cliste ach le deireanas, b'fhéidir gur cruthaíodh an bille sular thosaíomar ag glacadh léamha uathoibríocha.
  • Seans go bhfuil an nasc le do mhéadar á chailleadh againn anois is arís de bharr go bhfuil an soláthraí líonra teileachumarsáide ag déanamh obair chothabhála ar an líonra i do cheantarsa, de bharr go bhfuil bacainn fhisiceach sa bhealach ar an gcomhartha, nó de dheasca drochaimsire.
  • B'fhéidir go bhfuil do mhéadar suite in áit lagnascachta nach féidir leis nascadh lenár líonra cumarsáide slán. Is féidir linn roinnt seiceálacha a dhéanamh lena dhéanamh amach an é sin an fhadhb.

Déanfaimid iarracht léamh uathoibríoch a fháil ó do mhéadar an chéad uair eile. Má fhaigheann tú billí measta arís fós féin, déan teagmháil linn ar:

1800 928 123 nó 1800 928 123 le gur féidir linn an scéal seo a fhiosrú duit.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí