Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Céard atá i gceist leis an bpróiseas athsholáthair méadair?

Tá bearta breise crutha i bhfeidhm againn mar fhreagairt ar Covid-19 le sábháilteacht ár gcuid custaiméirí, ball foirne agus conraitheoirí a chinntiú i rith an phróisis athsholáthair méadar.

 

Seo thíos na céimeanna a bheidh i gceist le hathsholáthar do mhéadair:

  • Gheobhaidh tú litir cúpla seachtain roimh athsholáthar do mhéadair.
  • Má tá do mhéadar leictreachais lasmuigh de do theach in áit ar féidir teacht air go héasca, ní bheidh ort a bheith sa bhaile agus an t-athsholáthar á dhéanamh againn.
  • Má tá do mhéadar suite taobh istigh, déanfaimid coinne leat.
  • Tiocfaidh teicneoir ESB Networks nó conraitheoir leictreachais ag obair thar ár gceann chuig d'áitreabh chun an méadar atá ann cheana a bhaint agus an méadar cliste nua a chur ina ionad. Bíonn cárta aitheantais fhótagrafaigh ag gach duine dár gcuid oibrithe.
  • Beidh orainn do sholáthar leictreachais a mhúchadh go ceann thart ar 45 nóiméad leis an obair a dhéanamh go slán sábháilte.
  • Déanfaimid measúnú sábháilteachta freisin ar shuiteáil ghinearálta an mhéadair, agus de réir mar is gá, déanfaimid oibreacha breise leasúcháin gan chostas breise duitse.

 

Cuir eolas ar do mhéadar cliste nua (PDF | 230 KB)

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí