- Gné thábhachtach dúinn agus cláir á gcur i bhfeidhm againn is ea fadhbanna reatha a bhaineann le toilleadh na heangaí. Más rud é go bhfuil suíomhanna faoi leith faoi bhrú faoi láthair, tugtar tús áite dóibh sin le go mbeidh siad mar chuid de ghníomhaíochtaí píolótacha sna blianta atá le teacht. Táimid ag tabhairt faoin obair sin taobh leis na cláir atá ar bun ag ESB Networks faoi láthair leis an líonra a uasghrádú, a fhágfaidh go gcuirfear an toilleadh agus an chosaint ar fáil do chustaiméirí go tráthúil éifeachtúil.