- Ó thaobh an tionscail fuinnimh de, fágfaidh sé seo go mbeidh deiseanna ann seirbhísí a chur ar fáil do thomhaltóirí agus úsáid níos mó a bhaint in Éirinn as an bhfuinneamh inathnuaite. Molfar do sholáthraithe, comhiomlánóirí agus cuideachtaí bainistithe fuinnimh tairiscintí nua do chustaiméirí a fhorbairt. Molfar do lucht ginte fuinnimh leas a bhaint as tairiscintí nua nasctha agus páirt a ghlacadh i margaí áitiúla, freagairt don éileamh agus stóráil, d’fhonn seoladh a laghdú.