- Tá seans ann go mbeidh solúbthacht ann chun réiteach luachmhar a thairiscint ar réimse de dhúshláin éagsúla sna blianta atá le teacht. I gceantair áirithe, beidh solúbthacht ó thaobh an éilimh ag teastáil ionas nach gá an ghiniúint inathnuaite a laghdú agus aimsir ghrianmhar nó ghaofar ann. I gceantair eile, beidh solúbthacht ó thaobh an éilimh ag teastáil chun tacú le córas slán éifeachtúil leictreachais a fheidhmiú áiteanna a mbíonn cuid mhór carranna leictreacha á luchtú. Sa cheathrú ráithe in 2021, rinneamar réamh-mheastacháin mhionsonraithe ilbhliantúla a fhoilsiú leis na cineálacha solúbthachta agus leis an oiread solúbthachta a bhainfeadh amach luach do chustaiméirí agus don chóras leictreachais, thar thréimhse ilbhliantúil anseo / PDF 10980 KB.