Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cad chuige a bhfuil Uasacmhainn Iompórtála (MIC) tábhachtach?

Socraíonn sé uasteorainn maidir leis an lód iomlán leictreachais is ceadmhach duit a úsáid. Beidh tionchar aige ar an méid a ghearrfar ort as an nasc.


Tabhair do d'aire:


  • Má bhíonn an MIC ró-ard, beidh tú ag íoc as acmhainn nach bhfuil ag teastáil uait i ndáiríre.
  • Má bhíonn an MIC ró-íseal, d'fhéadfadh sé nach n-oibreodh do chuid trealaimh i gceart agus go ngearrfaí táille ró-acmhainneachta ort.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí