Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Céard is Uasacmhainn Iompórtála (MIC) ann?

(MIC) Is éard is Uasacmhainn Iompórtála (MIC) ann ná an leibhéal uaséilimh leictreachais ar féidir le do nasc lenár líonra déileáil leis.


Sonraítear an MIC i gcilea-voltaimpéir ach, i bhformhór na gcásanna, tá an luach seo cosúil le líon na gcileavatanna ar féidir leis an nasc déileáil leis.


Iarratas a dhéanamh ar nasc nua:


  • luaigh go sonrach an leibhéal uaséilimh leictreachais (MIC) a theastaíonn uait
  • Ansin déanaimid an líonra a dhearadh le modh nasctha a chur ar fáil de réir an MIC a comhaontaíodh.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí