Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Céard é an laghdú rialaithe ar éileamh? 

I gcás go mbeadh easnamh acmhainn ghiniúna ar an gcóras leictreachais, bheadh ar ESB Networks, faoi ordú EirGrid, éileamh ar leictreachas a laghdú agus bheadh gearrthacha sealadacha ann do roinnt custaiméirí mar thoradh air sin. 

Déanfar aon ghearrthacha sealadacha dá leithéid a scaipeadh chomh cothrom agus is féidir d’fhonn an tréimhse gan chumhacht a laghdú do chustaiméirí aonair. Beart éigeandála ar gearrfhógra a bheadh ann de bharr nach mbeadh dóthain acmhainn ghiniúna ar fáil chun freastal ar an éileamh. Tá an beart sin ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus déantar é le gearradh níos tromchúisí, níos faide agus níos neamhrialaithe ar fud na tíre a sheachaint.  

Má tharlaíonn a leithéid, cuirfear nuashonruithe fíor‑ama agus liosta na gceantar atá buailte ar fáil ar PowerCheck.ie. Gabhaimid leithscéal leis na custaiméirí a bheidh thíos leis na gearrthacha seo. 

Ceisteanna coitianta

Cad iad na ceantair a mbeidh tionchar ag dícheangail Laghdaithe Éilimh Rialaithe orthu?

Ní mór dícheangal rialaithe na gcustaiméirí in imeacht laghdaithe éilimh rialaithe éigeandála a dhéanamh go tapa chun cothromaíocht an chórais leictreachais a chothabháil agus briseadh neamhrialaithe ar scála mór a chosc. Ní bheidh a fhios againn cé na ceantair / na custaiméirí a bheidh i gceist go dtí go mbeidh gá leis an imeacht éigeandála.

Mar sin féin foilseofar pleananna laghdaithe éilimh róta ar ár suíomh Gréasáin. Beidh criosanna sna pleananna seo inar féidir le custaiméirí a fháil amach cé acu an bhfuil an baol ann go dtarlóidh an dínascadh le haghaidh Laghdú Éilimh Rialaithe ar dháta áirithe ard, meánach nó íseal.

Foilseoidh ESB Networks é seo ar ár suíomh Gréasáin www.esbnetworks.ie a luaithe a bheidh sé ar fáil.

Is custaiméir riachtanach/tosaíochta mé, agus mar sin an bhfuil mé slán ó bheith dícheangailte le linn imeacht laghdaithe éilimh rialaithe?

Ní ráthaítear cinnteacht soláthair do chustaiméirí a aicmítear mar Chustaiméirí Tosaíochta. Déanann nósanna imeachta a bhaineann le laghdú éilimh rialaithe gach iarracht an soláthar do chustaiméirí tosaíochta a choinneáil nuair is praiticiúil agus chomh fada agus is féidir ach níl aon ráthaíocht i gcoinne dícheangail (m.sh. de réir an Chóid Dáilte, ní féidir slándáil an tsoláthair a chinntiú d’aon chustaiméir).

Ag brath ar na cúinsí, d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon rogha ag an DSO - Oibreoir Córais Dáileacháin ach bearta Laghdaithe Éilimh Rialaithe a chur i bhfeidhm ar Chustaiméirí Tosaíochta, nó d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé in ann caillteanas soláthair dá leithéid de chustaiméirí a sheachaint nó a chosc.

Táim cláraithe mar chustaiméir leochaileach le mo sholáthraí, an bhfágann sé sin nach mbeidh mé thíos le gearradh cumhachta?

Aithnímid nach beag an cur isteach ar chustaiméirí nuair a theipeann ar a soláthar cumhachta agus is oth linn go dtarlaíonn sé. Mar sin féin, i gcás éigeandála ar an gcóras leictreachais, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an dara rogha ann ach custaiméirí a dhícheangal ar bhonn rialaithe leis an gcóras leictreachais ar fad a chosaint.  

Coinníonn ESB Networks bunachar sonraí de na custaiméirí leochaileacha a chláraíonn lena soláthraí leictreachais.  Molann ESB Networks do gach custaiméir a chomhlíonann critéir an chustaiméara leochailí clárú lena soláthraí agus athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeartas maidir le custaiméirí leochaileacha

Ar an drochuair, níl ESB Networks in ann caitheamh go héagsúil le custaiméirí leochaileacha toisc go ndéantar an leictreachas a dhícheangal go cianda. Ní féidir linn go teicniúil tithe aonair ina bhfuil cónaí ar chustaiméirí leochaileacha a scaradh amach ó thithe eile.  Cé nach féidir linn an gearradh cumhachta a sheachaint, má bhíonn dóthain fógra againn, seolfaidh ESB Networks SMS chuig na custaiméirí leochaileacha (ar chuntar go bhfuil a n-uimhir gutháin póca againn sa bhunachar sonraí) ionas go mbeidh siad ar an eolas faoi na bearta atá le déanamh agus ionas gur féidir linn an scéala is déanaí a chur chucu. 

Cuirfidh ESB Networks custaiméirí leochaileacha ar an eolas roimh bhearta uainchláir um laghdú rialaithe ar éileamh. I gcás, áfach, go mbeidh gá le bearta éigeandála um laghdú rialaithe ar éileamh, b’fhéidir nach bhfaighidh ESB Networks fógra leordhóthanach ó EirGrid le ligean dúinn custaiméirí leochaileacha a chur ar an eolas roimh an ngearradh. Mar sin féin, cuirfimid custaiméirí leochaileacha ar an eolas a luaithe is féidir tar éis iad a dhícheangal i gcás bearta éigeandála um laghdú rialaithe ar éileamh ionas go mbeidh siad ar an eolas faoi na bearta atá á ndéanamh agus ionas gur féidir an scéala is déanaí a chur chucu. 

Moltar do chustaiméirí atá leochaileach ó thaobh leighis de agus a úsáideann feistí leictreacha leighis socruithe malartacha a bheith i bhfeidhm acu, amhail ceallraí cúltaca atá luchtaithe go hiomlán a bheith faoi réir acu nó plean a bheith acu bogadh go láthair eile, más gá. Moltar do chustaiméirí leochaileacha socruithe dá leithéid a phlé leis an altra ceantair nó le hionadaí FSS, agus an chaoi a n-oibríonn an trealamh leighis á cur sa mheá. 

Cén chaoi a gcuirfear ar an eolas mé agus cén réamhfhógra a gheobhaidh mé?

Braithfidh an chaoi a gcuirfear ar an eolas thú ar cibé an gcaithfidh an t-imeacht tarlú mar éigeandáil nó an bhfuil an t-imeacht réamhshocraithe.

Laghdú éigeandála ar éileamh;

Cuirfidh ESB Networks, ar threoir a fháil ó Eirgrid, tús le dícheangal éilimh rialaithe éigeandála custaiméirí ón líonra leictreachais. Ar an drochuair, ní bheidh aon rabhadh roimh ré faoi seo mar ní bheidh ach cúpla nóiméad ag ESB Networks chun na hoibríochtaí éigeandála a dhéanamh ar an líonra.  Déanfaidh Eirgrid agus ESB Networks comhordú ar theachtaireachtaí custaiméirí le pleananna cumarsáide custaiméirí a comhaontaíodh roimh ré.

Úsáidtear na cainéil a leanas:

Laghdú Éilimh Róta/Pleanáilte;

Sa chás go gcaithfidh laghdú éilimh rialaithe róta tarlú, cuirfear é seo in iúl roimh ré trí na bealaí thuas, rud a thabharfaidh fógra 12 uair an chloig ar a laghad do chustaiméirí.

Go háirithe, beidh leathanach gréasáin tiomnaithe ar an ábhar seo ar shuíomh gréasáin ESB Networks. Beidh rochtain ag custaiméirí ar léarscáil d'Éirinn a thaispeánfaidh na 3 chrios éagsúla agus beidh rátáil ardriosca, riosca meánach nó riosca íseal ag baint leis na criosanna seo, rud a léiríonn dóchúlacht na gcustaiméirí sa chrios sin a bheith dícheangailte ar chúiseanna rialaithe laghdaithe éilimh. Táimid ag moladh do chustaiméirí a riachtanais leictreachais a phleanáil ar bhonn na rátála riosca.

Más gá go dtarlódh éaradh seirbhíse thar shraith laethanta as a chéile, malartóidh rátálacha riosca na gcriosanna ionas go roinnfear an t-ualach ar fud na réigiún geografach go léir.

Cad is Laghdú Éilimh Rialaithe ann?

Is é Eirgrid, mar Oibreoir Córais Tarchuir a bhainistíonn giniúint ar an gcóras leictreachais – déantar é seo lena chinntiú go bhfuil dóthain giniúna ar fáil chun freastal ar an éileamh agus ag an am céanna cothromaíocht a choinneáil sa chóras tarchurtha. Murar leor an méid giniúna atá ar fáil chun an t-éileamh/an t-ualach ar an ngréasán leictreach a shásamh, is féidir le EirGrid iarratas a eisiúint chuig ESB Networks chun éileamh a laghdú chun an córas a chothromú chun briseadh náisiúnta níos tromchúisí agus níos faide a sheachaint.


D’fhéadfadh an laghdú seo ar éileamh tarlú gan fógra a thabhairt roimh ré i gcás éigeandála, nó d’fhéadfadh sé tarlú ar bhealach pleanáilte i gcásanna ina bhfuil EirGrid ar an eolas faoi fhadhb maidir le héagothroime sa chóras roimh ré.

An bhfuil sé seo dlíthiúil?

Tá, leagtar amach sa Chód Eangaí agus sa Chód Dáilte na riachtanais maidir le freagairt don éileamh. Tá an Cód Dáilte 8.0 seo ar fáil ar shuíomh gréasáin ESB Networks agus tá forálacha ann a bhaineann le laghdú éilimh rialaithe. Tá an fhreagairt seo ag teacht leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr nuair a bhíonn easpa leictreachais á ghineadh ar an gcóras. Déantar an beart i gcúinsí foircneacha chun briseadh náisiúnta níos tromchúisí agus níos faide a sheachaint.

Cé a dhéanann cinneadh ina thaobh agus cé a ghearrann leictreachas na gcustaiméirí ?

Tugann Eirgrid, mar Oibreoir ar an gCóras Tarchuir, comhairle ar an leibhéal laghdaithe éilimh a theastaíonn ar an gcóras leictreachais. Cuireann Lárionad Rialaithe ESB Networks laghdú ar éileamh i bhfeidhm, ar iarratas ó EirGrid, trí chumhacht a mhúchadh go cianda.

Conas a thugtar tosaíocht do chustaiméirí? Conas a shocraítear cé na custaiméirí a ndéantar a leictreachas a ghearradh?

Más gá go dtarlódh éaradh seirbhíse thar shraith laethanta as a chéile, malartóidh rátálacha riosca na gcriosanna ionas go roinnfear an t-ualach ar fud na réigiún geografach go léir.


Tá roinnt custaiméirí riachtanach chun seirbhísí na sochaí a choinneáil ag imeacht. Déanann nósanna imeachta i dtaobh laghdú éilimh rialaithe éigeandála gach iarracht an soláthar do na custaiméirí seo a choinneáil nuair is praiticiúil agus chomh fada agus is féidir.  I measc na gcustaiméirí a sholáthraíonn / a fheidhmíonn seirbhísí riachtanacha (sláinte, sábháilteacht, slándáil, folláine eacnamaíoch nó shóisialta na sochaí), tá, mar shampla;


  • Iompar Aerfoirt Idirnáisiúnta Mhóra agus saoráidí rialaithe gaolmhara; Oibríochtaí iarnróid le seirbhís náisiúnta nó réigiúnach
  • Mórchalafoirt a bhfuil tábhacht náisiúnta bonneagair ag baint leo
  • Uisce - Suiteálacha riachtanacha uisce agus séarachais a bhfuil tábhacht réigiúnach leo
  • Sláinte - Ospidéil Mhóra
  • Bonneagar Náisiúnta Slándála, Póilíneachta agus Sábháilteachta Poiblí; Seirbhísí éigeandála a bhfuil tábhacht náisiúnta nó réigiúnach ag baint leo, Láithreáin de chuid Óglaigh na hÉireann a sholáthraíonn tacaíocht cosanta sibhialta; An tSeirbhís Phríosúin
  • Cumarsáid; An Craoltóir Náisiúnta Seirbhíse Poiblí; Riarachán Poiblí
  • Tithe de chuid an Rialtais Láir - Ceanncheathrú NECG - (Grúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta)
Cén fhad a mhairfidh an briseadh seirbhíse?

Déanfaidh ESB Networks iarracht na tréimhsí briste seirbhíse a theorannú go ceithre huaire an chloig ar a mhéad. Más gá, déanfaidh ESB Networks custaiméirí nach raibh dícheangailte cheana féin ní ba luaithe an lá sin a dhínascadh, agus athnascfaidh siad an soláthar leictreachais do chustaiméirí a bhí gan cumhacht roimhe sin. Ar an gcaoi sin, beifear in ann an t-ualach a roinnt agus laghdú a dhéanamh ar an méid ama a bhíonn daoine gan leictreachas.


Oibreoidh ESB Networks chun a chinntiú go bhfaighidh custaiméirí faisnéis, e.g. am athchóirithe measta air seo chomh tapa agus is féidir, foilseofar é seo ar PowerCheck.ie

Conas is féidir le custaiméirí cabhrú?

Nuair a eisíonn EirGrid foláireamh ómra ar an gcóras, agus nuair a bhíonn custaiméirí ar an eolas faoi seo trí na meáin, ansin is cinnte gur féidir le custaiméirí cabhrú trína n-úsáid leictreachais a laghdú nuair is féidir ag na buaicuaireanta (i.e 5pm – 7pm).  I measc na n-úsáideoirí níos airde leictreachais tá na nithe a leanas:  


  • Cithfholcadh leictreach agus tumthéitheoir uisce.
  • Carr leictreach a luchtú
  • Triomadóir rothlaim, cócaireáin leictreacha/ionduchtúcháin, miasniteoir, agus meaisíní níocháin
  • Citeal Leictreach, triomadóir gruaige agus Iarann éadaí

Cinnte níltear ag súil go staonfaidh custaiméirí leochaileacha a úsáideann trealamh leictreach chun cabhrú leo ina saol laethúil ó threalamh den sórt sin a úsáid le linn na mbuaicuaireanta.

Cén fáth go mbíonn gá le Laghdú Éilimh Rialaithe?

Bíonn sé seo ag teastáil ar roinnt cúiseanna; Méadú ar an éileamh, gineadóirí cumhachta gan a bheith ar fáil, sreafaí cumhachta idirnascaire, bristeacha ar an líonra de bharr lochtanna, agus giniúint ghaoithe a bheith íseal. Is féidir na gníomhartha éigeandála seo a éileamh ar ghearrfhógra chun sláine chóras leictreachais na hÉireann a chosaint agus briseadh níos tromchúisí agus níos faide ar fud na tíre a sheachaint.

Acmhainní

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí