Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cad a tharlóidh mura mbeidh cead pleanála faighte agam tar éis dom an measúnú nasctha a fháil?

Mura mbeidh cead pleanála faighte agat laistigh de dhá bhliain tar éis eisiúint an mheasúnaithe nasctha duit, measfar an measúnú nasctha a bheith imithe i léig, ach fanfaidh d'iarratas ar oscailt lena phróiseáil a luaithe a thabharfar an cead pleanála duit. A luaithe a bheidh deis ann, déanfar athstaidéar ar do thionscadal gan aon chostas breise, agus féadfar é a phróiseáil ar bhonn baisce nó neamhbhaisce ansin. Beidh ort an chuid eile den táille iarratais a íoc sula bhfaighidh tú do chomhaontú nasctha.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí