Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cén chaoi ar féidir liom iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh Naisc ar Líne?

Sa chéad dul síos, caithfidh tú clárú le haghaidh Naisc ar Líne. Beidh fáil agat ar an bhfoirm iarratais ar líne ansin. Is féidir clárú le haghaidh Naisc ar Líne anseo.

Beidh seoladh ríomhphoist de dhíth ort. Úsáidfidh tú é sin am ar bith is mian leat dul chun cinn an iarratais a sheiceáil. Nuair a bheidh do sheoladh ríomhphoist curtha isteach agat agus ‘Seol Cód Fíoraithe’ cliceáilte agat, beidh ort an cód sin a fháil ó do chuntas ríomhphoist agus a chur isteach ar leathanach an chlárúcháin. Nuair a bheidh an seoladh ríomhphoist agus an cód fíoraithe againn, beidh ort pasfhocal slán a chur isteach. Beidh tú cláraithe nuair a chliceálfaidh tú ar ‘Cláraigh’.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí