Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.
Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.
Níl ag éirí liom teacht ar mo MPRN i mo Chuntas ar Líne ESB Networks?
Is féidir leat teacht ar d’Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) ar do bhille leictreachais. Cinntigh go bhfuil an t‑ainm agus an uimhir fóin póca a úsáideann tú le clárú ar do Chuntas ar Líne ESB Networks ag teacht leis na sonraí a thug tú do do sholáthraí reatha leictreachais. Mura bhfuil fáil agat ar bhille leictreachais, is féidir leas a bhaint as an tseirbhís ‘Aimsigh mo MPRN’ tar éis duit Cuntas ar Líne ESB Networks a chruthú. Seans go mbeidh rochtain ag teastáil uait freisin ar an méadar i do theach le huimhir RM agus sraithuimhir an mhéadair a fháil, rudaí a chabhróidh leat do shonraí MPRN a aimsiú. Le tuilleadh eolais a fháil faoi cén chaoi ar féidir RM agus sraithuimhir an mhéadair a aimsiú, cliceáil anseo.