Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.
Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.
Cé chomh minic is féidir liom iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís Mheasúnaithe ar Fhadhb Voltais trí mo Chuntas ar Líne?
Ní féidir le custaiméir ach iarratas amháin ar an tseirbhís mheasúnaithe ar fhadhb voltais a dhéanamh in aghaidh gach MPRN atá luaite lena Chuntas ar Líne. Chomh luath agus atá an t-imscrúdú déanta agus clabhsúr curtha air, beidh sé de chead agat iarratas eile a dhéanamh más gá.