Is é an táille iarratais chun iarratas a dhéanamh ar nasc ghineadóir are Scála Beag ná €995 móide CBL @ 23% (€1,223.85). Clúdaíonn an táille seo measúnú teicniúil ar an mionghineadóir ar an líonra leictreachais. Déanfar cinneadh de réir an mheasúnaithe theicniúil faoi cibé acu an gá do ESB Networks oibreacha nasctha a dhéanamh leis an ghineadóir a nascadh nó nach gá. Is é an custaiméir a íocfaidh as na hoibreacha sin. Aon oibreacha a bheidh ag teastáil, beidh siad luaite sa tairiscint nasctha agus eiseofar iarratas ar éarlais ag an am céanna leis an tairiscint nasctha. Caithfear an éarlais a íoc le bheith in ann glacadh leis an tairiscint nasctha agus dul ar aghaidh le nascadh an ghineadóra.