Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.
Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.
An mbeidh athrú ar mo bhille leictreachais tar éis an gineadóir a shuiteáil?
D'fhéadfadh laghdú a theacht ar do bhille toisc nach mbeidh an oiread céanna cumhachta á tarraingt agat ón líonra leictreachais agus a bhíodh. Mar sin féin, ní bheidh aon athrú ar an mbuanmhuirear.