Is iondúil go mbíonn na gineadóirí seo deartha chun múchadh nuair a bhíonn an soláthar ón líonra leictreachais dícheangailte.
Gné shábháilteachta é sin de na córais chosanta a bhíonn ina gcuid de ghléasanna dá leithéid. Cosnaíonn an ghné seo an gineadóir féin agus cinntíonn freisin nach gcruthóidh an gineadóir guais fhéideartha i gcás lochta tríd an líonra seachtrach leictreachais a dhéanamh beo.
Bíodh sin mar atá, is féidir gineadóirí áirithe a shuiteáil sa chaoi gur féidir iad a oibriú nuair a bhíonn an soláthar leictreachais dícheangailte. Leis an méid sin a dhéanamh, ní mór don áitreabh a bheith aonraithe go fisiciúil ón líonra seachtrach leictreachais. Ceanglas sábháilteachta é sin faoi Rialacháin Sreangaithe an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) agus éilíonn sé lasc aistrithe agus athruithe eile ar shreangú inmheánach an áitribh le gur féidir an gineadóir oibriú go sábháilte. Le teacht ar a thuilleadh eolais faoi na gineadóirí seo, lena n-áirítear a mbeadh ag teastáil uait le hé seo a chumasú i d’áitreabh féin, déan teagmháil le leictreoir cláraithe de chuid Safe Electric, le cuideachta oiriúnach suiteála gineadóirí nó le monaróir trealaimh gineadóra go díreach.