Is féidir Acmhainn Iomlán an Inbhéartóra Suiteáilte (TIIC) a bheith níos mó ná MEC an láithreáin in imthosca áirithe, trí leas a bhaint as Scéim Teorannú Easpórtála oiriúnach. Nuair a bhíonn Acmhainn Iomlán an Inbhéartóra Suiteáilte níos mó ná an MEC, ní mór Foirm Dearbhaithe Táirge an Déantóra um Scéim Teorannú Easpórtála a chur ar fáil - tá an teimpléad ar fáil anseo. Caithfidh an Déantóir an fhoirm seo a chomhlánú agus a shíniú. Nuair a bheidh an t-iarratas curtha isteach, cinnfear leibhéal an MEC atá ar fáil ar an líonra reatha, nó leagfar amach imlíne ar an obair athneartaithe a theastaíonn chun MEC ar leith a chumasú, trí staidéar teicniúil sonrach a dhéanamh ar an ngréasán áitiúil mar chuid den phróiseas. Féadfaidh athróga éagsúla amhail fad ón gclaochladán, an acmhainn atá ar fáil, armónaigh, éagothroime féideartha, etc. tionchar a imirt ar thorthaí an staidéir sin. Mar sin, molaimid do chustaiméirí fanacht go mbeidh an staidéar seo curtha i gcrích agus a dtairiscint naisc faighte acu sula ndéantar cinneadh ceangailteach maidir le mionsonraí deiridh a suiteála.
Tabhair faoi deara, i gcás iarratais ar Mhion-Ghiniúint agus ar Ghiniúint ar Scála Beag, nach féidir Acmhainn Iomlán an Inbhéartaithe Suiteáilte a bheith níos mó ná an Uas-Acmhainn Iompórtála (MIC).