Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Tá fógra faoi Imeacht Fuinnimh faighte agam. Céard atá i gceist leis seo?

Tá dhá chineál Imeachtaí Fuinnimh ann – Imeachtaí Solúbthachta agus Buaicimeachtaí.

  • Is éard is Imeachtaí Solúbthachta ann amanna in bhféadfaimis iarraidh ort a bheith solúbtha i dtaobh cén chaoi agus cén t‑am a n‑úsáideann tú leictreachas, ar cheann de na bealaí seo: 
  1. Nuair a bhíonn barrachas de ghiniúint leictreachais in‑athnuaite ann, d’fhéadfaimis tú a spreagadh chun leas a bhaint as an bhfuinneamh in‑athnuaite atá ar fáil toisc nach mbeidh sé chomh costasach ná chomh dian ar charbón ag an am seo agus a bheadh de ghnáth.
  2. Nuair a bhíonn méid níos lú fuinneamh in‑athnuaite ar fáil, am maith é sin chun smacht a fháil ar d’úsáid leictreachais agus chun fearais atá dian ar leictreachas a sheachaint, mar shampla an triomadóir rothlaim, an miasniteoir agus an t‑iarann. 
  • Is éard is Buaicimeachtaí ann tréimhsí ina mbíonn an‑chuid daoine ag úsáid an leictreachais ag an am céanna agus nach mbíonn go leor fuinneamh in‑athnuaite á ghiniúint le freastal ar an éileamh sin ar leictreachas. Dá bharr, bíonn an leictreachas níos costasaí agus níos déine ó thaobh carbóin de i rith buaicimeachtaí, agus seans nach bhféadfaí brath ar sheasmhacht an tsoláthair mar a d’fhéadfaí de ghnáth.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí