Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.
Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.
Tar éis dom clárú, cén chaoi a bhfaighidh mé nuashonruithe?
Gheobhaidh tú tuairiscí chun dáta i dteachtaireachtaí téacs agus ríomhphoist. Gheobhaidh tú níos mó eolais i do chuntas ar líne ESB Networks de réir a chéile.